Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:38 - An Bíobla Naofa 1981

38 Agus bhí duine den slua d'éigh amach: “A Mháistir, iarraim ort dearcadh le fabhar ar mo mhac, óir níl agam ach é,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 Agus bʼshiúd fear den slua a ghlaoigh air, “A Oide, iarraim dʼimpí ort féachaint ar mo mhac, mar is é mʼaon duine clainne é;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Agus féach, scairt fear as an tsluagh, ag rádh: A Mháighistir, guidhim thú, dearc ar mo mhac, óir ní fhuil agam acht é;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus féach, fear de’n tsluagh do ghlaodh amach, g‐á rádh, A Mháighistir, impidhim ort, féach ar mo mhac; óir is é m’aon mhac é:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Agus, féuch, do éigh neach don tslúagh, ag rádh, A Mhaighisdir, iárruim ort, feuch ar mo mhac: oír a sé méinghein é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus féach, do labhair duine de’n tsluagh amach agus dubhairt sé: A Máighistir, guidhim thú, féach ar mo mhac, mar ní’l agam ach é;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 Agus bhí duine den slua a mʼéigh amach: “A Mháistir, iarraim ort dearcadh le fabhar ar mo mhac, óir níl agam ach é,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:38
8 Tagairtí Cros  

Agus dúramar le d'onóir: ‘Tá athair againn, seanfhear, agus deartháir óg a rugadh dó ina sheanaois; tá a dheartháirsean tar éis bháis agus níl fágtha ach eisean de chlann a mháthar; agus tá cion ag a athair air.’


“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.


Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.”


Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi.


Lá arna mhárach, ar theacht anuas dóibh ón sliabh, tháinig slua mór faoina dhéin.


agus féach, bíonn spiorad ag breith air, agus screadann sé amach go tobann, agus baineann sé rachtaí as go mbíonn cur leis, agus is ar éigean a scarann sé leis ach á thraochadh.


Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d'iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí