Lúcás 7:38 - An Bíobla Naofa 198138 agus ar bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí á dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus á n‑ungadh leis an ola chumhra. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)38 agus a sheas ar a chúl mar a raibh a chosa sínte, agus a thosaigh ar fhliuchadh a chos lena deora, agus ar a dtriomú le gruaig a cinn, agus a phóg a chosa ansin, agus chuir sí an uinnimint orthu. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara38 Agus ina seasamh taobh thiar de ag a chosa, thoisigh sí a nighe a chos le n-a deora, agus á dtriomughadh le gruaig a cinn, agus bhí sí ag pógadh a chos agus ghá gcuimilt leis an ungadh. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)38 agus ’n‐a seasamh dhí taobh thiar de i n‐aice a chos, do thionnscain sí ag fliuchadh a chos le n‐a deoraibh, agus do thiormuigh sí le gruaig a cinn iad, agus do bhí sí ag pógadh a chos, agus g‐á n‐ongadh leis an uinneimeint. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)38 Agus ar seasamh agá chosuibh don táobh shiar dhe ag gul, do thionnsgain sí a chosa dionnladh lé na déuruibh, agus a dtiurmughadh lé gruáig a cinn, agus do phóg sí a chosa, agus do ong sí leis an ola íad. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)38 Agus sheasaimh sí lastiar i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig, agus bhi sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola dhíobh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201238 agus ar a bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí dá dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus dá n-ungadh leis an ola chumhra. Féach an chaibidil |