Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 agus ’n‐a seasamh dhí taobh thiar de i n‐aice a chos, do thionnscain sí ag fliuchadh a chos le n‐a deoraibh, agus do thiormuigh sí le gruaig a cinn iad, agus do bhí sí ag pógadh a chos, agus g‐á n‐ongadh leis an uinneimeint.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 agus a sheas ar a chúl mar a raibh a chosa sínte, agus a thosaigh ar fhliuchadh a chos lena deora, agus ar a dtriomú le gruaig a cinn, agus a phóg a chosa ansin, agus chuir sí an uinnimint orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Agus ina seasamh taobh thiar de ag a chosa, thoisigh sí a nighe a chos le n-a deora, agus á dtriomughadh le gruaig a cinn, agus bhí sí ag pógadh a chos agus ghá gcuimilt leis an ungadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Agus ar seasamh agá chosuibh don táobh shiar dhe ag gul, do thionnsgain sí a chosa dionnladh lé na déuruibh, agus a dtiurmughadh lé gruáig a cinn, agus do phóg sí a chosa, agus do ong sí leis an ola íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus sheasaimh sí lastiar i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig, agus bhi sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola dhíobh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 agus ar a bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí dá dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus dá n-ungadh leis an ola chumhra.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:38
25 Tagairtí Cros  

Is aoibhinn dóibh‐sean do‐ghní dobrón, mar do‐gheobhaid sólás.


Agus d’imthigh sé amach agus do ghoil sé go dubhach.


Is aoibhinn daoibh‐se ar a bhfuil ocras anois: óir sásóchar sibh. Is aoibhinn daoibh‐se atá ag gol anois: óir do‐ghéanaidh sibh gáiridhe.


Agus féach, bean de’n chathair, peacach, nuair do bhí a fhios aici go raibh sé ’n‐a shuidhe chum bidh i dtigh an Fhairisínigh, thug sí léi crúsca alabástair d’uinneimint,


Agus an Fairisíneach thug an cuireadh dhó, nuair do chonnaic sé sin, adubhairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáidh an fear so, do bhéadh a fhios aige cia h‐í an bhean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacach í.


Máire d’ong an Tighearna le h‐uinnimint, agus do thriomuigh a chosa le n‐a gruaig, do b’í sin an té go raibh a dearbhráthair Lasarus breoite.


Bidhidh ag éagcaoineadh, agus ag déanamh bróin, agus ag gol: athruightear bhur ngáiridhe ’n‐a bhrón, agus bhur luthgháir ’n‐a gruaim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí