Lúcás 6:48 - An Bíobla Naofa 198148 Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sé é bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)48 is cosúil é le fear a bhí ag tógáil tí, a thochail go domhain, agus a leag an chloch bhuin ar an gcarraig; agus nuair a dʼéirigh an díle, tháinig an tuile thar an teach úd, ach níor fhéad sí corraí a bhaint as ó bhí sé tógtha go maith. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara48 Is cosamhail é le duine ag tógáil tighe, a thochail go domhain agus a leag an dubhshraith ar an charraig; agus nuair a tháinic an tuile, bhuail an sruth go tréan fá’n tigh sin, agus ní raibh sé i n-innimh é chorrughadh; óir bhí sé bunuighthe ar an charraig. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)48 is cosmhail é le fear do bhí ag tógáil tighe, agus do thochail go doimhin síos sa talamh, agus do chuir an bun ar an gcarraig: agus nuair tháinig an tuile, do bhuail an rabharta i gcoinnibh an tighe sin, agus níor fhéad sé a chorrú: óir do bhí sé tógtha go daingean. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)48 As cosmhuil é ré neach do thóg a thigh, agus do thochail, agus do chúaidh go domhuin a dtalumh, agus do chuir a shocrughadh ar charruig: agus mar tháinig an tuile, do bhúail an sruth go fíochmhar fán dtigh úd, achd níor bhéidir leis a chorrughadh: óir do bhí sé socrughthe ar charruig. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)48 Is cosmhail é le fear a bhí ag déanamh tighe agus do rómhar sé síos go doimhinn gur chuir sé an chloch-bhuinn ar an gcaraig; agus tháinig an tuile agus do buaileadh an tigh sin go dian ach níor coruigheadh é, mar bhí sé daingean ar an gcaraig. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201248 Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sí é a bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha. Féach an chaibidil |