Lúcás 6:34 - An Bíobla Naofa 198134 Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís an oiread céanna ar ais. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)34 Agus má thugann sibh iasachtaí don dream a bhfuil sibh ag súil le ní a fháil uathu, cad é an t‑ábhar maíte atá agaibh ann? Nach dtugann peacaigh iasachtaí do pheacaigh ionas go bhfaighidh siad a gceart. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara34 Agus má bheir sibh iasacht dóbhtha sin ó n-a bhfuil súil agaibh é d’fhagháil thar ais, cad é an buidheachas a bhíos oraibh? Óir bheir peacaigh iasacht do pheacaigh chun a gcothrom d’fhagháil thar ais. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)34 Agus má bheir sibh iasacht dóibh‐sean gur dóigh libh go bhfaighidh sibh nidh uatha, cad é an buidheachas atá ag dul daoibh? Óir do‐bheir na peacaigh féin iasacht uatha chum an oiread céadna d’fhágháil ar ais arís. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)34 Agus dá dtugtháoi áirleagadh dona dáoinibh ó a sáoltí a fhagháil a rís, créud é an buidheachus bhias oruibh? óir do bheirid na peachthaidh áirleagadh do na peachthachaibh, do chum go bhfuighdís a leitheid a rís. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)34 Agus má thugann sibh iasacht do’n mhuintir ó n-ar dóigh libh go mbeidh iasacht le fághail agaibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Óir tugaid na peacacha iasachtaí uatha do pheacachaibh ag súil le n-a gcothrom a dh’fhághail thar n-ais. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201234 Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís a oiread céanna ar ais. Féach an chaibidil |