Lúcás 23:23 - An Bíobla Naofa 198123 Ach bhí siadsan á dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)23 Ach ba é rud, thosaigh siad ar a áitiú air de ghuth ard go gcéasfaí é. Agus ba threise lena nglórtha. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara23 Agus lean siad-san de iarraidh i n-árd a gcinn go ndéanfaidhe é chéasadh, agus bhuaidh a nguthanna. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)23 Acht do sheasadar go dána, ag glaodhach i n‐árd a ngotha, ag iarraidh é do chéasadh. Agus do bhuaidh a nglór. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)23 Achd do sheasadarsan go cruáidh ná aghuidh lé gothannuibh móra, ag íarruidh eisiondo chrochadh. Agus do bhuaidheadar a ngóthasan agus gótha úachdarán na sagart. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)23 Ach do leanadar-san ag liúirigh do ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a nguthana. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201223 Ach bhí siad-san dá dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha. Féach an chaibidil |