Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:41 - An Bíobla Naofa 1981

41 Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Agus nuair a tháinig sé i ngaobhar na cathrach agus a chonaic sé í, shil sé uisce a chinn á caoineadh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus nuair a tháinic sé cómhgarach, ar fheiceáil na cathrach dó, ghoil sé faoithe, ag rádh:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus nuair tháinig sé i gcómhgar, do chonnaic sé an chathair agus do chaoin sé í,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Agus mar do dhruid sé a radharc na caithreach, do ghuil se air a son,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus nuair a tháinig sé i gcómhgar agus chonaic sé an chathair do ghoil sé ar a son, agus dubhairt sé:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:41
14 Tagairtí Cros  

Ansin d'éirigh a cheannaithe teann, agus stán sé air nó go dtáinig náire air agus ghoil an giolla Dé.


Chaoin mé uisce mo chinn toisc nár coimeádadh do dhlí.


Chonaic mé na ciontaigh agus ghabh tuirse mé, toisc nár choimeád siad do bhriathar.


Gabhann fearg mé de bharr na bpeacach a bhíonn ag tréigean do dhlí.


Is ar an ábhar sin a deirim: “Iompaígí uaim go gcaoine mé go goirt; ná bígí ag brú sóláis orm i ndíothú iníon mo mhuintire.”


Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d'éirigh sé ar shliabh Parazaím; tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeón chun a ghníomh a chur i gcrích - agus is ait an gníomh é! - chun a shaothar a shaothrú - agus is aduain an saothar sin!


Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.


Ach maidir liomsa, níor spreag mé riamh thú chun an oilc, ní mó ba mhian liom an lá mairgneach, tá a fhios seo agatsa; ní raibh an rud a tháinig as mo bhéal i bhfolach ort.


Nach trua gan bothán fear taistil agam san fhásach,


Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé.


ag rá: “Dá mbeadh a fhios agatsa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile.


Bhris a ghol ar Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí