Lúcás 18:19 - An Bíobla Naofa 198119 Dúirt Íosa leis: “Cad chuige go ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)19 Agus dúirt Íosa leis, “Cad chuige a dtugann tú maith ormsa? Níl maith ach Dia ina aonar. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara19 Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige a ngoireann tú maith díom? Ní maith aoinneach acht Dia amháin. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)19 Agus adubhairt Íosa leis, Cad chuige dhuit maith do thabhairt orm‐sa? Ní maith aoinneach acht Dia amháin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)19 Agus a dubhairt Iósa ris, Créd fá ngoireann tú máith dhiomsa? ní bhfuil éinnrach maith, achd Día, amaháin. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)19 Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige go ndeirir gur maith mé? Ní maith aoinne ach Dia amháin. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201219 Dúirt Íosa leis: “Cad chuige go ndeir tú ‘maith’ liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin. Féach an chaibidil |