Lúcás 18:18 - An Bíobla Naofa 198118 D'fhiafraigh duine ainmniúil de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)18 Agus dʼfhiafraigh rialtóir de, “A Oide mhaith, cad é a dhéanfaidh mise le seilbh a fháil ar an mbeatha shíoraí?” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara18 Agus d’fhiafruigh uachtarán áirithe de, ag rádh: A Mháighistir mhaith, cad é dhéanfas mé chun beatha shíorraidhe a shealbhadh? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)18 Agus do cheistigh taoiseach áirithe é, g‐á rádh, A Mháighistir mhaith, céard atá le déanamh agam chum go mbéidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht agam? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)18 Agus a dfafruigh úachdarán áirighe dhe, ag rádh, A Mhaighisdir mhaith, créd do dhéana mé lé a sealbhócha mé an bheatha mharthanach? Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)18 Agus cheistigh duine de sna priúnsaíbh é, agus dubhairt sé: A Mháighistir mhaith, cad tá le déanamh agam i dtreó go mbeidh an bheatha shíoruidhe agam? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201218 Dʼfhiafraigh duine ainmniúil de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” Féach an chaibidil |
“Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t‑ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m'ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ‘Conas a mhaslaíomar d'ainm?’