Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 15:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Ach dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Ach is é a dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh, ‘Tugaigí amach go beo an chulaith is fearr sa teach, agus cuirigí air í; agus cuirigí fáinne ar a mhéar, agus bróga ar a chosa;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus dubhairt an t-athair le n-a sheirbhísigh: Tabhairigidh amach annseo go tapaidh an chulaith is feárr, agus cuirigidh air í, agus cuirigidh fáinne ar a láimh, agus bróga ar a chosa,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Acht adubhairt an t‐athair le n‐a sheirbhíseachaibh, Beiridh amach láithreach an chulaith is fearr, agus cuiridh air í; agus cuiridh fáinne ar a mhéir agus bróga ar a chosaibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus a dubhhairt an tathair ré na shearbhoghantaibh, Tabhruidh an chuluidhein is fearr libh, agus cuireidh uime í; agus cuiridh fainne air a láimh, agus bróga air a chosaibh:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus dubhairt an t-athair le n-a sheirbhíseachaibh, Brostuighidh agus tugaidh amach an chulaith éadaigh is fearr agus cuiridh uime í, agus cuiridh fáinne ar a láimh, agus bróga ar a chosaibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Ach dúirt an t-athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 15:22
30 Tagairtí Cros  

agus bhain Forann an fáinne dá láimh féin agus chuir ar láimh Iósaef é agus chuir fallaing de línéadach mín air agus slabhra óir timpeall a mhuiníl.


Gléasfaidh mé a shagairt le slánú, agus beidh a chuid fíréan ag canadh go meidhreach.


Go raibh éadaí na fíréantachta ar do shagairt; go raibh do naoimh ag canadh go meidhreach.


An Dia a chrioslaigh mé le calmacht agus a rinne mo bhealach sábháilte;


Tiocfaidh muintir na Tuíre le tabhartais chugat ‘s beidh lucht rachmais an phobail ag iarraidh do pháirte.


Fill, fill, a Shiúlamach, fill, fill, go bhfeicfimid thú. Cad d'fheicfeadh sibh sa tSiúlamach ach rince an dá fhoireann?


“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.


Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’


agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas;


Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d'fhonn a hainmhianta a shásamh.


Trí chreideamh in Íosa Críost téann an fhíréantacht seo Dé i gcion ar an uile dhuine a bhfuil an creideamh aige. Níl aon dealú ann,


Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid “Abba! Athair.”


Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime aige mar éide.


agus fonn leata dea-scéal na síochána mar bhróga ar bhur gcosa agaibh.


Bíodh do bholtaí d'iarann agus de phrás agus do neart comhfhad le do ré.


Deonaíodh di í féin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach” (óir is iad oibreacha fíréantachta na naomh an línéadach mín).


An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”


Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeifeá saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus uinnimint le do shúile a ungadh chun go mbeadh radharc agat.


Ansin tugadh éide gheal do gach duine díobh agus dúradh leo feitheamh go fóillín go gcomhlíonfaí líon a gcomhsheirbhíseach agus a mbráithre a bhí le cur chun báis, a ndála féin.


Ina dhiaidh sin b'shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d'aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí