Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:47 - An Bíobla Naofa 1981

47 Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n‑aithreacha a mharaigh iad!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

47 Is mairg daoibh! Mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe ar mharaigh bhur n‑aithreacha iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

47 Is mairg díbh-se, a thógas tuambaí na bhfáidh; agus mharbh bhur n-aithreacha iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Is mairg daoibh! óir tógann sibh tuamaí na bhfáidh, agus gurbh iad bhúr sinnsir do mharbh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

47 As anáoibhinn daiobh! oír tógtháoi túamuidhe na bhfáidheadh, agus a siád bhur naithreacha do mharbh iád.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Is mairg daoibh-se a chuireann suas na leachta do sna fáidhibh, agus gur b’iad bhúr n-aithreacha do mharbhuigheadh na fáidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

47 Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n-aithreacha a mharaigh iad!

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:47
5 Tagairtí Cros  

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar.


Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n‑aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibhse an tógáil.


“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.


ón mbuíon chéanna a d'imir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géarleanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí