Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:48 - An Bíobla Naofa 1981

48 Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n‑aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibhse an tógáil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

48 Dá bhrí sin is finnéithe sibh ag toiliú le gníomhartha bhur n‑aithreacha; mar is iad a mharaigh iad agus is sibh a thógas a dtuamaí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

48 Go deimhin bheir sibh fiadhnaise go n-aontuigheann sibh le gníomhartha bhur n-aithreach, óir mharbh siad-san iad, agus tógann sibh-se a dtuambaí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 Mar sin do‐bheir sibh fiadhnaise go bhfuil sibh ar aon inntinn le n‐bhúr sinnsearaibh ’n‐a ngníomharthaibh: do marbhadar‐san iad, agus tógann sibh‐se leachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

48 Go deimhin do níthi fiádhnuisi go moltáoi gniómhartha bhur naithreach: oír do mharbhadarsan iád, agus do níthíse tuamuidhe dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Go deimhin taisbeánann sibh go bhfuiltí ar aon aigne le nbhúr n-aithreachaibh ’n-a ngníomharthaibh, bhúr n-aithreacha ’ghá marbhadh agus sibh-se ag cur na leacht suas dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

48 Sin mar is finnéithe sibh agus mar a thugann sibh toil do bhearta bhur n-aithreacha, óir rinne siad siúd iad a mharú, agus déanann sibh-se an tógáil.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:48
14 Tagairtí Cros  

Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.


Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa, Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d'aghaidh.


scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann, agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.


“Deir sibh: ‘Cad chuige nach n‑iompraíonn an mac peacaí an athar?’ Má ghéilleann an mac don dlí agus don cheart agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go cúramach, mairfidh sé gan amhras.


“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar.


Sin mar a thugann sibh fianaise in bhur gcoinne féin gur clann sibh dóibh siúd a d'imir bás ar na fáithe,


Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n‑aithreacha a mharaigh iad!


Agus sin é an fáth a ndúirt Eagna Dé: ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus déanfaidh siad cuid acu a mharú agus a ghéarleanúint,’


Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfadh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta.


A bhráithre, bíodh na fáithe a labhair in ainm an Tiarna mar shampla agaibh den fhulaingt agus den fhoighne.


Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: “Is finnéithe sibh in bhur n‑aghaidh féin go bhfuil an Tiarna tofa agaibh chun fónamh dó.” Agus dúirt siadsan: “Is finnéithe sinn.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí