Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:46 - An Bíobla Naofa 1981

46 Ach dúirt seisean: “Agus daoibhse freisin is mairg, dlíodoirí, mar go mbuaileann sibh ualaí do-iompair ar na daoine, ach barr aon mhéire ní chuirfidh sibh féin leis na hualaí céanna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

46 Agus dúirt sé, “Is mairg daoibh freisin, a dhlíodóirí! Mar leagann sibh ualaí troma do-iompair ar dhaoine, agus ní thógann sibhse na hualaí le méar de bhur méara.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

46 Agus dubhairt seisean: Is mairg díbh-se fosta, a dhlightheoirí, óir leagann sibh ar na daoine ualaighe, nach féidir leo a n-iomchar, agus le h-oiread agus méar libh, ní bhaineann sibh féin leis na h-ualaighe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Agus adubhairt sé, Is mairg daoibh‐se, leis, a lucht dlighe! óir cuireann sibh ualaighe ar na daoinibh thar a riocht, agus ní chuireann sibh féin oiread agus bárr méire ar aon ualach díobh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

46 Achd a dubhairt seision, As anáoibhinn dáoibhsi leis, a luchd dlighe! oír curtháoi úaluidhe dóiomchur ar na dáoinibh, agus ní bheantháoi féin ris na húaladhaibh lé háon da bhur méuraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Agus dubhairt sé leis: Agus is mairg daoibh-se féin, a lucht eóluis ar an ndlígh, óir cuireann sibh ar na daoine ualaí nách féidir dóibh a dh’iompar, agus ní chuireann sibh féin bara méire chun na n-ualaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

46 Ach dúirt seisean: “Agus daoibhse freisin is mairg, a dhlíodoirí, mar go mbuaileann sibh ualaí do-iompair ar na daoine, ach barr aon mhéire ní chuirfidh sibh féin leis na hualaí céanna.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:46
7 Tagairtí Cros  

Is mairg dóibhsean a reachtaíonn reachtanna éagóra, do scríobhaithe scríbhinní na hurchóide,


An troscadh is áil liom, nach é seo é? dar briathar an Tiarna Dia: Geimhleacha na héagóra a scaoileadh, an ceangal a bhaint den chuing; an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach, an uile chuing a bhriseadh;


agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as:


Ach labhair duine de na dlíodoirí: “Ag caint mar sin duit, a Mháistir,” ar sé, “tugann tú easmailt dúinne freisin.”


Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo.


Fiú amháin na daoine a ndéantar timpeallghearradh orthu, ní choimeádann siad féin an dlí, ach is maith leo sibhse a bheith timpeallghearrtha d'fhonn is go mbeidís ag maíomh as bhur gcolainn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí