Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:63 - An Bíobla Naofa 1981

63 Agus d'iarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

63 Agus dʼiarr sé táibhléad scríofa, gur scríobh, “Eoin is ea an t‑ainm atá air.” Agus bʼiontach leo uile é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

63 Agus ag iarraidh clár scríobhtha dó, scríobh sé, ag rádh: Is é Eoin a ainm. Agus bhí iongantas ortha uilig.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

63 Agus d’iarr sé taibhléad scríobhnóireachta, agus do scríobh sé, Eoin is ainm dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

63 Agus ar níarruidh cláir sgriobhtha dhosan, do sgríobh sé, ag rádh, Is Eóin is ainm dhó. Agus do ghabh iongantus íad uile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

63 Agus d’iarr sé gléas chun sgríobhtha agus do sgríbh sé: Eóin is ainim dó. Agus bhí iongna ortha go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

63 Agus dʼiarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is é Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:63
7 Tagairtí Cros  

Ná tréigeadh dílseacht agus cneastacht go brách thú, ceangail faoi do bhráid iad, agus scríobh ar chláracha do chroí iad.


Imigh anois, gearr ar tháibléad an méid seo, scríobh ar scrolla é, chun go mbeidh sé san am atá le teacht ina fhianaise bhuan:


“Tá peaca Iúdá scríofa le peann iarainn, tá sé greanta le rinn diamaint ar chlár a gcroí agus ar chorra a n‑altóirí mar fhianaise ina n‑éadan


Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá: “Scríobh síos an fhís; déan í a ghreanadh ar leaca ionas go mbeidh sé furasta í a léamh.


Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.


Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.


Ach labhair a mháthair agus dúirt: “Ní hea, ach glaofar Eoin air.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí