Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 6:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Tagann aoirí lena dtréada ina coinne. Shuíodar a mbothanna timpeall uirthi. Tá gach fear acu ag iníor ina rogha ceapach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Tiucfuid na háodhaire go na ttréuduibh na gar; suidhfid a lóistíne as a coinne timchioll fa ccuáirt; bíathfuid síad gach uile dhuine iona áit féin.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 6:3
8 Tagairtí Cros  

Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, d'Amóraigh, de Mhóábaigh, agus d'Amónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe.


Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna, shatail siad faoi chois mo chomhroinn, rinne siad m'oidhreacht shólásach ina fásach aonraic.


Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí, (a rí na hAsaíre)! Cad é mar atá do laochra i dtoirchim suain! Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhte agus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís.


Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí