Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 6:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 “Gléasaigí cath uirthi! Faoi airm! Déanaimis ionsaí uirthi i lár an lae ghil,” “rí mhairg dúinne! Tá an lá ag imeacht tharainn, tá néalta nóna ag síneadh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Gléusuidhsi cogadh na haghaidh; éirghidhe, agus déanam súas san meadhón laói. A mhairg dhúinne! óir atá an lá ag imtheacht thoruinn, óir atáid néulla an tráthnóna ar na síneadh amach.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 6:4
14 Tagairtí Cros  

Mar dhaor a shantaíonn an scáth, Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.


Go séide lá go scaipe scáth, fill... bí cosúil, a ghrá, le heilit, nó le hoisín na bhfia ar Chnoc [Tairngire].


Tá líon a mbaintreach arna mhéadú os cionn ghaineamh na farraige. Ar mháithreacha na n‑ógánach tugaim an millteoir i lár na lae ghil. Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.


Gabhann laige an mháthair a rug mórsheisear, imíonn an spiorad aisti. Chuaigh a grian faoi agus an lá fós ann, fuair sí náire agus míchlú... Tabharfaidh mé an fuílleach díobh do chlaíomh a naimhde - an Tiarna a labhraíonn.”


Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí! Críochnaígí ar fad í! Bainigí anuas di a briongláin, ní leis an Tiarna iad.


tá bogha agus gath i ngreim acu, tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige; tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d'aghaidhse, a iníon Shíón.


Chuaigh an fómhar tharainn, tá deireadh leis an samhradh, agus níor tugadh tarrtháil orainn!


Fís Obaidiá. Mar seo a deir an Tiarna faoi Eadóm; tá scéal faoi cloiste againn ón Tiarna, agus tá teachtaire seolta i measc na náisiún. “Suas linn! Ar aghaidh chun catha linn ina choinne!”


Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe a chuireann mo phobal ar seachrán; fad a bhíonn rud éigin le cogaint acu fógraíonn siad síocháin ach fearann siad cogadh naofa ar an té nach gcuireann dada ina mbéal.


Is ea, tréigfear Gazá, agus beidh Aiscileon ina díthreabh. Díbreofar muintir Aisdeod i lár an lae ghil agus bainfear Eacrón as a fréamhacha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí