Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann, íona na mná a bheireann a céad leanbh; is é screadaíl iníon Shíón é, a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach: “Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.”
Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge.
Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?
An dream nach n‑itheadh ach bia beadaí, tá siad ag fáil bháis sna sráideanna; iad siúd a tógadh in éadach corcra, luíonn siad go faon ar charn dramhaíle.
An bhean is cneasta agus is cineálta in bhur measc, an té sin atá chomh cneasta chomh cineálta sin nár lámhaigh sí bonn a coise a leagan ar an talamh riamh, beidh súil mhuice aici ar a céile cumainn, agus fiú ar a mac agus ar a hiníon;