Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióéil 1:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta! Bailígí le chéile, a sheanóirí, áitritheoirí uile na tíre, isteach i dteach an Tiarna, bhur nDia. Glaoigí air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 ¶ Náomhuidhse troscadh, goiridh coimhthionól sollamonta, cruinnighidh na sinnsir, agus aitreabhuigh talmhan uile asteach a dtigh an TIGHEARNA bhur Ndía, agus éighidh chum an TIGHEARNA,

Féach an chaibidil Cóip




Ióéil 1:14
15 Tagairtí Cros  

Agus dúirt Iéahú: “Cruinnigí tionól naofa do Bhál!” Agus thugadar fógra cruinnithe.


Bhí Iúdá go léir ina seasamh i láthair an Tiarna, a n‑aosóga, a mná agus a leanaí.


Lá i ndiaidh an lae ó thús deireadh, léadh Eazrá sleachta as leabhar dhlí Dé. Cheiliúir siad an fhéile ar feadh seacht lá, agus ar an ochtú lá bhí comhthionól sollúnta de réir mar a bhí ordaithe.


“Tá Iúdá ag caoineadh, tá a bailte ag déanamh dobróin agus iad íslithe go talamh; téann éamh ó Iarúsailéim suas.


Tharla sa chúigiú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, sa naoú mí gur fógraíodh troscadh i bhfianaise an Tiarna don phobal uile in Iarúsailéim agus don phobal uile a thiocfadh go Iarúsailéim ó bhailte Iúdá.


Éistigí leis seo, a sheanóirí! Tugaigí cluas, a áitritheoirí uile na tíre! Ar tharla a leithéid seo riamh le bhur linn féin nó le linn bhur sinsear?


Ar feadh seacht lá ofrálaigí íobairtí dóite don Tiarna; ar an ochtú lá bíodh comhthionól naofa agaibh agus déanaigí íobairt dhóite don Tiarna. Ceiliúradh clabhsúir é. Ná déanaigí aon obair throm an lá sin.


nuair a chreid muintir Nínivé i nDia. D'fhógair siad troscadh agus chuir siad go léir, idir uasal agus íseal sacéadach orthu féin.


Cuireadh idir dhaoine agus ainmhithe sacéadach orthu féin agus glaoidís os ard ar Dhia. Tréigeadh cách a ndrochiompar agus cuiridís díobh an lámh láidir.


Cruinnígí le chéile, is ea, cruinnígí le chéile, a chine gan náire,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí