Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióéil 1:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Faraor! Cad é mar lá! Óir, tá lá an Tiarna in achmaireacht agus is mar spréach ón spéir a theacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Mo thruáighe ar son an laói! óir atá lá an TIGHEARNA do lathair, agus tiucfa sé amhuil scrios ó Nuilechumhachdach.

Féach an chaibidil Cóip




Ióéil 1:15
18 Tagairtí Cros  

Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi, óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.


Go deimhin is mór an lá é seo, ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis; is í uair bhuartha Iacóib í; ach sábhálfar aisti é.


Seo é anois lá an Tiarna, Dia na Slua, an lá a agróidh sé a dhíoltas slogfaidh a chlaíomh iad agus sásófar é, cuirfear ar meisce é lena bhfuil. Sea, tá íobairt ag an Tiarna, Dia na Slua, sa tír thuaidh, láimh le habhainn Eofrataes.


Óir tá an lá ar láimh, tá lá an Tiarna ar láimh; lá dorcha, scamallach a bheidh ann, deireadh ré do na ciníocha.


Ardaíonn an Tiarna a ghlór ar thosach a shlua; is do-áirithe an t‑arm atá aige agus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe. Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin. Cé atá in ann a fhulaingt?


Óir tá lá an Tiarna ar an tairseach ag na náisiúin go léir; mar a rinne tú leo, déanfar leat; fillfidh do bhearta ar do mhullach.


Bí i do thost i láthair an Tiarna Dia! óir tá lá an Tiarna in achmaireacht. Is ea, go deimhin, tá an Tiarna tar éis íobairt a ullmhú agus a chuid aíonna a choisreacan.


Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais.


óir tháinig lá mór a fheirge, agus cé a fhéadann é a sheasamh?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí