Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióéil 1:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta, agus canaigí caoineadh! Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra! Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach, a fhriothálaithe mo Dhé, mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dí díbeartha as teach bhur nDé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Criosluighidh sibh féin, agus caóidhigh, a shagarta: núalluidhsi, a sheirbhísigh na haltóra: tigidh, luighidh ar feadh na hoidhche a saicéadach, sibhsi seirbhísigh mo Dhé: óir do congmhadh a nofráil bhídh agus a nofráil dighe ó thigh bhur Ndé.

Féach an chaibidil Cóip




Ióéil 1:13
27 Tagairtí Cros  

Rinne Dáiví achainí chun Dé ar son an linbh; rinne sé troscadh dian; chuaigh sé isteach abhaile agus chaith an oíche ar an talamh lom.


Nuair a chuala Acháb na focail sin, stróic sé a chuid éadaigh agus chuir sacéadach lena chneas agus rinne sé troscadh; chodlaíodh sé sa sacéadach agus shiúladh sé de choiscéim mhall.


Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.


Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarna agus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé. Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamh agus a maoin ar fad faoi réir agaibh.


Crioslaígí sibh féin mar sin le sacéadach, caoinigí agus uailligí, mar níor iompaíodh fearg bhorb an Tiarna ar ais uainn.


Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.


Agus ar do cheistiú acu: ‘Cad chuige an mhairg?’, freagroidh tú: ‘Mar gheall ar an drochscéala. Nuair a thiocfaidh sé, caillfidh an uile chroí a mhisneach agus an uile lámh a neart; titfidh gach spiorad i bhfanntais agus gach glúin in ísle brí. Tá sé buailte linn agus rachaidh chun críche - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”


Bearrfaidh siad a gcinn ar do shon, crioslóidh iad féin le sacéadach, caoinfidh siad ar do shon le doilíos croí go géar goirt.


Crioslaíonn siad iad féin le sacéadach, agus iad uile ar ballchrith le huafás. Tá náire ar an uile aghaidh agus maoile ar an uile cheann.


Cad a dhéanfaidh sibh ar lá an tsollúntais, ar lá fhéile an Tiarna?


“Ach anois féin,” a deir an Tiarna, “filligí ormsa le lándúthracht bhur gcroí agus sibh ar troscadh agus ag gol agus ag olagón;


Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arís agus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidh sa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibh le haghaidh an Tiarna bhur nDia.


Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: “Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”


Sé a bheidh san íobairt dí a ghabhann léi: leath hín fíona do tharbh, trian hín do reithe, ceathrú hín d'uan. Ní foláir íobairt dhóite mar sin a bheith gach mí ar mhí ar feadh míonna na bliana.


Ní foláir daoibh an chéad uan a ofráil ar maidin, an dara ceann um eadra nóna,


Mar íobairt dí ag gabhail leis, bíodh ceathrú hín an t‑uan; ní foláir an íobairt dí de dheoch chrua don Tiarna a dhoirteadh sa sanctóir.


Ní foláir an méid sin go léir a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na ré nua agus a habhlann, an íobairt uileloiscthe shíoraí agus a habhlann, agus na híobairtí dí a ghabhann leo de réir dlí - cumhracht thaitneamhach, ofráil dhóite don Tiarna.


Tuigeadh daoine gurb é atá ionainne, seirbhísigh do Chríost agus maoir ar rúndiamhara Dé.


Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun searmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra?


An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir - ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis.


mar is é a chuir ar ár gcumas bheith inár maoir ar chonradh nua; ach ní conradh litreach é ach conradh sa Spiorad, mar is trúig bháis an litir scríofa ach is údar beatha an Spiorad.


ach cruthaimid, in gach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn, ag cur suas go foighneach le hanacair agus le cruatan agus le hanró;


Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí