Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióéil 1:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Tá an fhíniúin slabhctha agus an crann fígí ag meath. Tá an phomagránait agus an phailm agus an crann úll agus crainn uile na tíre seargtha agus an sult súite as croíthe na ndaoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Do thiormaigh a nfíneamhuin súas, agus searguidh an crann fíge; an crann pomgranat, an crann pailme fós, agus a nabhall, eadhon do chríonadar, uile chrainn an mhachaire: do bhrígh gur chríon gáirdeachus ó mhacaibh na ndaóine.

Féach an chaibidil Cóip




Ióéil 1:12
19 Tagairtí Cros  

Is iomaí duine á rá: “Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn? Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.”


D'fhéach mo shúile go buach ar mo naimhde; chuala mo chluasa dea-scéala a dtreascartha.


Crann úll thar chrainn na coille mo ghrása thar fir. Faoina scáth suím, mar ba mhian liom; milis le mo bhéal a ulla.


Gránúlla go tiubh ann agus togha gach toraidh ó shruthanna an tobair.


tá an t‑áthas agus an lúcháir imithe as gort agus garraí. Sna fíonghoirt níl ceol ná liú áthais le cloisint; níl aon fhíon á fháscadh sna cantaoirí, tá an húrla-hárla ina thost.


Táthar ag mairgneach sna sráideanna cheal fíona; tá deireadh leis an uile lúcháir, tá an t‑áthas díbeartha ón tír.


Tá an fíon faoi bhrón, an fhíniúin ag meath, agus lucht an ghliondar croí ag osnaíl.


Óir an chuing a bhí anuas orthu, an choirb ar a nguaillí, agus slat an aintiarna, déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.


Éist! Scairt ó Abáraím anall: ‘Creachadh! Anachain mhór!’


Sciobadh gairdeachas agus lúcháir ó thír Mhóáb. Deoir níl fágtha sna cantaoirí fíona, níl an fómharaí fíona ag pasáil a thuilleadh: ar ghlórtha gealgháireacha tá múchadh tagtha.


Tá na páirceanna bánaithe agus an talamh triomaithe; óir, scriosadh an t‑arbhar agus tá an t‑úrfhíon ag dul i ndísc agus tá meath ag teacht ar an ola nua.


Nár imigh an bia ar ceal os comhair ár súl? Nár díbríodh an t‑áthas agus an lúcháir as teach ár nDé?


Ach an lá dár gcionn, le breacadh an lae, shocraigh Dia go ndéanfadh péist éigin ruathar ar an bplanda agus go bhfeofadh sé.


féachaint an gcaithfidh an síol fanacht sa scioból go fóill nó an amhlaidh nach dtabharfaidh an fhíniúin agus an crann fígí agus an phomagránait agus an ológ aon toradh uathu níos mó? Ón lá seo amach cuirfidh mé mo bheannacht oraibh.”


Crosfaidh mé ar an lócaiste craosach bhur mbarra a mhilleadh oraibh agus an fhíniúin atá in bhur ngoirt a fhágáil neamhthorthúil, a deir Tiarna na Slua.


Thángadar go dtí Gleann Eisciol agus ghearradar craobh fíniúna ann le crobhaing caor; thug beirt acu leo í ar chuaille eatarthu; thugadar leo chomh maith pomagránaití agus figí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí