Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 1:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Tharla aon lá amháin, gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna, agus tháinig an Sátan mar an gcéanna ina measc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 ¶ Anois do bhí lá an tan thangadar mic Dé dá ttaisbeanadh féin a lathair an TIGHEARNA, agus tháinic Sátan mar an gcéadna na measc.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 1:6
16 Tagairtí Cros  

chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná.


Bhí fathaigh ar an talamh an uair sin, agus níos déanaí ná sin, nuair a rinne mic Dé céileachas le hiníonacha na ndaoine agus gur rugadarsan clann dóibh. Sin iad laochra an tseansaoil, na fir mhórchlú.


Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.


D'éirigh Sátan ina sheasamh in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví le daonáireamh a dhéanamh ar Iosrael.


Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: ‘Déanfaidh mise é a mhealladh,’ ar sé. ‘Conas?’ arsa an Tiarna.


Agus tharla lá eile gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna agus tháinig an Sátan ina láthair mar an gcéanna ina measc.


Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é; tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc. Cloíonn sé leis an bhfíréantacht i gcónaí; saothar in aisce agat ab ea mé a ghriogadh ina aghaidh lena scriosadh.”


Nuair a bhí réaltaí uile na maidine ag canadh le lúcháir, Agus clann Dé go léir ag glao le háthas?


Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna a dhéanann a réir go cumasach, agus a bhíonn go humhal dá bhriathar.


Ansin thaispeain sé dom an t‑ardsagart Iósua agus é ina sheasamh os comhair aingeal an Tiarna. Bhí an tÁibhirseoir ina sheasamh ar a láimh dheas chun é a chúiseamh.


“Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n‑aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m'Athar atá ar neamh.


“A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair;


mhic Eanós, mhic Shéat, mhic Ádhaimh, mhic Dé.


D'fhreagair Íosa iad: “Nach ndearna mé, sibhse, an dáréag agaibh, a thoghadh? Agus is diabhal duine agaibh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí