Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 1:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Cá has a dtáinig tú?” D'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Sátan, Cáit as a ttig tusa? Aunsin do fhreagair Sátan don TIGHEARNA, agus a dubhairt, O bheith ag imtheacht fá ccuáirt ar feadh na talmhan, agus ó shiubhal síos agus súas ann.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 1:7
9 Tagairtí Cros  

D'imigh sé féin isteach agus sheas os comhair a mháistir, agus dúirt Eilíseá: “Cá raibh tú, a Ghéichizí?” D'fhreagair seisean: “Ní raibh do shearbhónta in aon bhall.”


Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Cá has a dtáinig tú?” D'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.”


Tháinig siad amach go beo bríomhar agus flosc orthu chun dul anonn agus anall ar fud an domhain mhóir. “As go brách libh as seo anonn agus anall ar fud an domhain,” arsa an t‑aingeal agus d'imigh siad leo ar chuairt na cruinne.


“Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus ní fhaigheann.


Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.


An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.


agus amach leis ag mealladh na gciníocha i gceithre hairde an domhain, idir Ghóg agus Mhagóg, chun iad a thionól chun catha; is mar ghaineamh na trá a líon slua.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí