Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 1:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d'éiríodh sé go moch ar maidin agus d'ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: “Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?” Mar sin a rinne Iób i gcónaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus is amhluidh bhí, a núair do thíaghadh láethe a bfleidhe timchioll, go ccuireadh Iób fios orra agus go náomhuigheadh sé íad, agus go néirgheadh sé sa mhoch na maidne, agus go nofráladh sé iodbhartha loisge do réir a nuibhre uile: óir a deireadh Iób, Do bféidir gur pheacnigheádar mo mhic, agus gur mhalluigheadar Día iona gcroidhthibh. Marso do níodh Iób go gnáthach.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 1:5
36 Tagairtí Cros  

D'éirigh Abrahám go moch ar maidin, chuir an diallait ar an asal, rug leis beirt dá shearbhóntaí agus a mhac Íosác. Ghearr sé an t‑adhmad don íobairt dhóite agus chuir chun bealaigh i dtreo na háite a dúirt Dia leis.


Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t‑olc.


Agus rinne Naoi altóir don Tiarna, agus thoirbhir sé mar íobairt dhóite ar an altóir a rogha féin de na hainmhithe glana agus den éanlaith ghlan.


Ghlac Éilias dhá chloch déag, ag freagairt d'uimhir na dtreibheanna de chlann mhac Iacóib ar tháinig briathar úd an Tiarna chucu: “Iosrael a ghairfear díbh!”


Cuirigí cúpla scraiste os a choinne a dhéanfaidh é a chúiseamh mar seo: ‘Mhallaigh tú Dia agus an rí.’ Tugaigí amach ansin é agus maraigí le clocha é.”


Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.


ó Bhéit Gilgeál, ó dhúichí Gheaba agus Azmávat, mar bhí sráidbhailte tógtha ag na cantairí dóibh féin ar fud Iarúsailéim ar fad.


Sín amach do lámh, más ea, agus leag í ar a bhfuil aige, agus is deimhin go ndéanfaidh sé thú a mhaslú le do bhéal.”


Bhí ghnáth lena chlann mhac dul agus fleá a bheith acu i dteach a chéile ar a n‑uain; agus chuiridís teachtairí chun a ndeirfiúracha le cuireadh dóibh chun bia agus deoch a chaitheamh leo.


Ansin dúirt a bhean leis: “An gcloíonn tú fós le d'fhíréantacht? Cuir do mhallacht ar Dhia agus faigh bás!”


An é an tUilechumhachtach is gean leis? An gcuireann sé a ghuí i gcónaí chun Dé?


Níl a leithéid eile ar talamh, Créatúr gan eagla.


Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.”


Nuair a thréigeann a chara an té atá in éadóchas, tugann sé droim láimhe le heagla an Uilechumhachtaigh.


Má pheacaigh do chlann ina aghaidh Thug sé suas faoi smacht a gcoirpeachta iad.


Claon chun glór mo ghuí, a Rí liom is a Dhia!


Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.


Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Imigh leat chun an phobail agus coisric iad inniu agus amárach, agus nídís a n‑éadaí,


Agus threoraigh sé ógánaigh de phobal Iosrael i mbun ofrálacha loiscthe agus síochána de dhaimh don Tiarna.


Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.


Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?


dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin - an Tiarna Dia a labhraíonn.


bheith ag seirbhís dó gan eagla, i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol.


Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?


Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú.


Rug Pól na fir leis agus lá arna mhárach, tar éis dó é féin a íonghlanadh in éineacht leo, chuaigh sé isteach sa Teampall ag fógairt an lae a mbeadh tréimhse an íonghlanta thart agus a ndéanfaí an ofráil ar son gach duine acu.


Iompaigh dá bhrí sin ón urchóid seo agat agus iarr ar an Tiarna go maithfí duit an smaoineamh seo a theacht i do chroí.


Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.


Táim ag éad libh mar a bheadh Dia féin, mar tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí á tabhairt dá haon fhear céile.


Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.


Agus dúirt seisean: “Is ea, mar chara. Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna. Déanaigí sibh féin a choisreacan agus tagaigí liom chun na híobartha.” Choisric sé Ieise agus a chlann mhac agus thug cuireadh chun na híobartha dóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí