Gníomhartha 26:1 - An Bíobla Naofa 19811 Ansin dúirt Aigripe le Pól: “Tá cead cainte ar do shon féin anois agat.” Agus shín Pól a lámh amach agus thosaigh sé ar a chosaint féin mar leanas: Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)1 Dúirt Agrippa le Pól, “Tá cead cainte agat agus labhair ar do shon féin.” Shin Pól a lámh amach agus chuaigh sé á chosaint féin. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara1 Agus dubhairt Agrippa le Pól: Tá cead agat labhairt ar do shon féin. Annsin shín Pól amach a lámh, agus thoisigh sé a thabhairt a thuairisce. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Annsin adubhairt Agrippa le Pól, Tá cead cainnte ar do shon féin agat. Agus do shín Pól amach a lámh, agus do labhair sé g‐á shaoradh féin: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Agus a dubhairt Agrippa ré Pól, As ceadaigheach dhuit labhairt ar do shon féin. Ann sin ar síneadh a láimhe amach do Phól, do fhreagair sé dá sháoradh féin: Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)1 Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Tá cead cainnte ar do shon féin agat. Do shín Pól a lámh agus chrom sé ar a sgéal a dh’innsint. Féach an chaibidil |