Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Gníomhartha 26:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Is maith an bhail orm dar liom, a rí Aigripe, gur i do láthairse atáim do mo chosaint féin inniu ar a bhfuil de chionta á gcur i mo leith ag na Giúdaigh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 “Measaim go bhfuil an t‑ádh orm inniu, a Rí Agrippa, go bhfuil mé os do choinnese do mo chosaint féin in éadan na gcúiseanna uile seo a luann na Giúdaigh i mʼéadan,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Measaim gur méanar damh, a rí Agrippa, a bheith ar tí labhairt ar mo shon féin indiu i do láthair-se, i dtaoibh na neithe sin uilig atá curtha i mo leith ag na h-Iúdaigh,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Measaim gur maith an bhail orm, a rí Agrippa, go bhfuil orm mo chosaint féin id’ láthair indiu ar na neithibh go léir atá curtha ag na h‐Iúdachaibh im’ leith:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Mesauim gur sona mé, a rí Agrippa, ó bheith a niúgh chum labhartha ar mo shon féin ad fhíadhnuisise sna huile neithibh ann a néilighid na Iúdaighe mé:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Is maith an bhail orm, dar liom, a rí Agrippa, gur ad lathair-se atá orm me féin a chosaint indiu ar na neithibh seo go léir atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 “Is maith an bhail orm dar liom, a rí Aigripe, gur i do láthair-se atáim do mo chosaint féin inniu ar a bhfuil de chionta dá gcur i mo leith ag na Giúdaigh,

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 26:2
10 Tagairtí Cros  

Inseoidh mé d'fhorálacha i láthair ríthe; ní bheidh cotadh ar bith orm.


Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh nó go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh,


Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh;


Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m'ainmse.


Níl aon ní dearfa agam, áfach, le scríobh mar gheall air chun mo thiarna. Sin é an fáth ar thug mé chugaibh é - agus chugatsa go háirithe a rí Aigripe - i dtreo nuair a bheidh an fiosrú seo déanta go mbeidh rud éigin agam le scríobh.


Ansin dúirt Aigripe le Pól: “Tá cead cainte ar do shon féin anois agat.” Agus shín Pól a lámh amach agus thosaigh sé ar a chosaint féin mar leanas:


“Dá chionn sin, a rí Aigripe, ní dhearna mé neamhshuim den fhís ó neamh,


Tuigeann an rí na cúrsaí seo agus sin é an fáth a bhfuilim ag labhairt go neamhbhalbh ina fhianaise. Táim cinnte de nach bhfuil aon chuid den ghnó seo ag imeacht gan fhios air mar ní i gclúid a tharla sé.


mar go bhfuil sáreolas agatsa ar nósanna uile na nGiúdach agus ar a gcuid conspóidí. Achainím ort dá bhrí sin éisteacht go foighneach liom.”


Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus d'oíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáimse do mo chiontú ag na Giúdaigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí