Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 26:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Tá cead cainnte ar do shon féin agat. Do shín Pól a lámh agus chrom sé ar a sgéal a dh’innsint.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Dúirt Agrippa le Pól, “Tá cead cainte agat agus labhair ar do shon féin.” Shin Pól a lámh amach agus chuaigh sé á chosaint féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus dubhairt Agrippa le Pól: Tá cead agat labhairt ar do shon féin. Annsin shín Pól amach a lámh, agus thoisigh sé a thabhairt a thuairisce.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin adubhairt Agrippa le Pól, Tá cead cainnte ar do shon féin agat. Agus do shín Pól amach a lámh, agus do labhair sé g‐á shaoradh féin:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus a dubhairt Agrippa ré Pól, As ceadaigheach dhuit labhairt ar do shon féin. Ann sin ar síneadh a láimhe amach do Phól, do fhreagair sé dá sháoradh féin:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ansin dúirt Aigripe le Pól: “Tá cead cainte ar do shon féin anois agat.” Agus shín Pól a lámh amach agus thosaigh sé ar a chosaint féin mar a leanas:

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 26:1
12 Tagairtí Cros  

An dtugann ár ndlígh-ne breith ar dhuine gan a dh’aireachtaint ar dtúis uaidh féin, agus a dh’aithint cad a dheineann sé?


A fheara, a bhráithre agus a aithreacha, éistidh leis an gcúntas atá agam le tabhairt daoibh.


Dubhart leó nách é béas na Rómhánach aon duine dhaoradh chun báis gan lucht a chionntuighthe thabhairt os a chómhair agus caoi thabhart dó ar é féin do chosaint agus ar é féin do ghlanadh ar na coirthe.


Óir measaim gur obair mhíréasúnta cime chur uaim agus gan a dh’innsint cad ’tá ’n-a choinnibh.


Is maith an bhail orm, dar liom, a rí Agrippa, gur ad lathair-se atá orm me féin a chosaint indiu ar na neithibh seo go léir atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith,


Dubhairt an Thighearna leis: Imthigh ort, óir is árthach toghtha an fear san agamsa chun m’ainime bhreith i láthair geinte agus ríghthe agus clainne Israéil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí