Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 9:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 D'fhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Siolóam agus nigh.’ D'imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Ba é a fhreagra, “An fear úd a bhfuil Íosa mar ainm air rinne sé dóib agus chuimil sé de mo shúile í agus dúirt sé liom, ‘Imigh go Silóam agus nigh thú féin’; agus chuaigh mé ann agus nigh mé agus fuair mé amharc na súl.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 D’fhreagair sé: Rinne an duine úd, dá ngoirtear Íosa, cré: agus chuimil sé mo shúla, agus dubhairt liom: Imthigh go linn Shiloe, agus nigh. Agus d’imthigh mé, agus nigh, agus tchím.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 D’fhreagair sé, An fear ar a dtugtar Íosa, do‐rinne sé láib, agus do sméaruigh sé mo shúile, agus adubhairt sé liom, Imthigh go Sílóam, agus nigh: agus d’imthigheas agus do nigheas, agus fuaras mo radharc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Do fhreaguir seision agus a dubhairt sé, An té dár ab ainm Iósa do rinne sé láib, agus do chumail sé dom shúilibh í, agus a dubhairt rium, Imthigh go loch Shilóam, agus ionnail: agus dimthigh misi agus dionniul mé, agus fúarus mo radharc.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 D’fhreagair sé: An fear san an a dtugtar Íosa, dhein sé lathach agus chimil sé de m’ shúilibh é, agus dubhairt sé liom, Imthigh go lochán Silóé agus nigh.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 9:11
6 Tagairtí Cros  

D'fhiafraigh siad ansin de Bharúch: “Inis dúinn,” ar siad, “conas a scríobh tú na briathra seo uile.”


Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim?


Dúirt siad leis ansin: “Conas a osclaíodh do shúile mar sin?”


D'fhiafraigh siad: “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar sé.


D'fhreagair sé iad: “D'inis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh á chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libhse a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí