Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 16:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 “Táim ag imeacht anois, go dtí an té a chuir uaidh mé, agus ní fhiafraíonn aon duine agaibh díom, ‘Cá bhfuil tú ag dul?’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ach táim anois ag imeacht chuig an té a chuir chugaibh mé; agus gan duine agaibh ag fiafraí díom, ‘Cá bhfuil do thriall?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Acht níor innis mé na neithe sin díbh ó thús, de bhrígh go raibh mé féin agaibh. Agus anois téighim chuig an té a chuir uaidh mé, agus ní fhiafruigheann aoinneach agaibh díom: Cá dtéigheann tú?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Acht atáim ag dul anois chum an té do chuir uaidh mé; agus ní fhuil duine agaibh g‐á fhiafruighe dhíom, Cá bhfuilir ag dul?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus a nois atáim ag imtheachd chum an té do chuír úadh mé, agus ni fhíafruigheann éunduine aguibhse dhíom, Cá háit a dtéid tú?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ach níor innseas na neithe seo dhaoibh ó thusach, mar bhíos i nbhúr bhfochair. Agus anois táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé, agus ní’l aoinne agaibh ’ghá fhiafraighe dhíom: Cá bhfuilir ag imtheacht?

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 16:5
15 Tagairtí Cros  

ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall,


Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” D'fhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilimse ag dul, ní féidir duitse mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.”


Chuala sibh mé á rá libh: ‘Táim ag imeacht uaibh, agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.’ Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh áthas oraibh, óir táim ag dul go dtí an tAthair, mar is mó an tAthair ná mise.


i dtaobh an chirt, de bhrí go bhfuilim ag triall ar an Athair;


“Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm, mar táim ag triall ar an Athair.”


Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: “Cad é seo a deir sé linn: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm’; agus ‘mar táim ag triall ar an Athair’?”


Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol. Táim ag fágáil an tsaoil arís, agus táim ag triall ar an Athair.”


Ach anois táim ag teacht ag triall ort, agus tá an chaint seo á rá agam ar an saol, ionas go mbeadh an lúcháir is liomsa go hiomlán acu iontu féin.


Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.


Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana?


Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Beidh mé faraibh tamall beag fós, ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé.


Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda


Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí