Eoin 16:4 - An Bíobla Naofa 19814 D'inis mé an méid sin daoibh ionas go mbeadh cuimhne agaibh, nuair a thiocfaidh an t‑am dó, gur inis mé daoibh é. Níor dhúirt mé na nithe seo libh ó thus mar bhí mé in bhur bhfochair. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)4 Ach tá sin inste agam daoibh ionas go gcuimhní sibh san am a dtarlós sé gur inis mé daoibh é. “Níor inis mé na nithe seo daoibh ar dtús, ó bhí mé libh. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara4 Acht d’innis mé na neithe sin díbh: chun go gcuimhnigheadh sibh, nuair a thiocfas a n-uair, gur innis mé díbh. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)4 Acht d’inniseas na neithe sin daoibh chum go gcuimhneochaidh sibh ar a ndubhairt mé libh, nuair thiocfas an t‐am. Acht níor inniseas na neithe sin daoibh ó thosach, toisc go rabhas‐sa ’n‐bhúr bhfochair. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 Achd do labhuir mé na neithe so ribh, ionnus an tan thiocfas an uáir, go gcuimhnéochadh sibh gur innis mé dhíbh íad. Gidheadh níor innis mé dhíbh íad, do bhrigh go raibh mé féin aguibh. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)4 Ach táid na neithe seo innste agam daoibh i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-am dóibh, go gcuimhneóchaidh sibh ar mé ’ghá n-innsint daoibh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20124 Dʼinis mé an méid sin daoibh ionas go mbeadh cuimhne agaibh, nuair a thiocfadh an t-am dó, gur inis mé daoibh é. Ní dúirt mé na nithe seo libh ó thús mar bhí mé in bhur bhfochair. Féach an chaibidil |