Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 12:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Óir bíonn na boicht agaibh i gcónaí in bhur measc, ach ní bhímse agaibh i gcónaí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Bíonn na boicht agaibh i gcónaí, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Óir bíonn na bochta i gcómhnaidhe agaibh i bhur measc: acht ní bhím-se agaibh i gcómhnaidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhím‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Oír atáid na boichd bhur bhfarradh do gnáth; acht ní bhía misi do gnáth agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Bíd na boicht i gcómhnuighe i nbhúr bhfochair agaibh, ach ní bhím-se agaibh i gcómhnuighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Óir bíonn na boicht agaibh i gcónaí in bhur measc, ach ní bhímse agaibh i gcónaí.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 12:8
9 Tagairtí Cros  

D'osclaíos do mo ghrá - bhí mo ghrá imithe; bhain sin an t‑anam asam. Loirg mé é agus ní bhfuair, ghlaoigh - níor fhreagair sé.


mar bhíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, ach nílimse le bheith i gcónaí agaibh,


Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm; óir bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, agus féadann sibh maith a dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach nílimse le bheith agaibh i gcónaí.


Dúirt Íosa leo ansin: “Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh. An té a shiúlann sa dorchacht, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.


A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair. Beidh sibh ar mo lorg, agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh, deirim libhse arís: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul ní féidir daoibhse teacht.’


Dúirt Íosa leo arís: “Tá mé ag imeacht agus beidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca. An áit ina bhfuilim ag dul, ní féidir daoibhse teacht.”


Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí