Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 12:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Niorbh í a shuim sna boicht a thug air sin a rá, ach is é rud, bhí sé ina ghadai, agus ó bhí bosca an airgid aige ba ghnáth leis ar cuireadh ann a thógáil leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Acht dubhairt sé sin, ní ar son go raibh áird aige ar na bochta, acht de bhrígh gur ghadaidhe é, agus gurbh aige a bhíodh an sparán, agus go n-iomcharadh sé ah méid a chuirtí ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Ní h‐é go raibh spéis aige ins na bochtaibh go ndubhairt sé sin; acht gur ghadaidhe é, agus gurbh é do bhí i mbun bosca an airgid, agus go mbíodh sé ag goid a gcuirtidhe ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Gidheadh a dubhairt seision so, ní hé go raibh suim aige ann sna bochdaibh; achd ar son gur ghaduidhe é, agus gur ab aige do bhí an sparán, agus gur ab é diomchradh an ní do chuirthí ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ní tré aon speóis a bheith aige ins na bochtaibh adubhairt sé an méid sin, ámhthach, ach é bheith ’n-a bhitheamhnach, agus is aige a bhíodh an sparán, agus isé a dh’iomparadh an méid a curtí ann.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 12:6
19 Tagairtí Cros  

Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví. Deir an t‑amadán ina chroí: “Níl aon Dia ann.” Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann.


Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht, ní chuireann a leithéid d'eolas as don urchóideach.


Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.


Agus dúirt sé leo: “Tá scríofa: ‘Glaofar teach urnaithe ar mo theachsa’; ach tá sibhse ag déanamh uaimh robálaithe de.”


agus Ióanna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.


[Teitheann sé] de bhrí gur fostúch é, agus gur cuma leis mar gheall ar na caoirigh.


“Cad chuige nár díoladh an ola seo ar thrí chéad déanar agus é a thabhairt do na boicht?”


óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa á rá léis: “Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.”


ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe - ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.


Níor chuir siad d'agús sa scéal ach go gcuimhneoimis ar na boicht, an rud céanna díreach a raibh fonn orm féin a dhéanamh.


agus seachnaígí gach aon sórt oilc.


Mar má thagann fear faoi fháinní óir agus é dea-ghléasta isteach in bhur dtionól, agus má thagann fear eile isteach agus é bocht agus gan ach drochéadach air,


Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí