Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 3:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 i dteannta na síoríobartha uileloiscthe, d'ofráil siad na híobairtí ceaptha [do na sabóidí], d'fhéilte na ré nua, agus do na sollúntais atá naofa don Tiarna, agus na híobairtí deonacha a bhí á ndéanamh ag daoine ar leith don Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus na dhiaighsin dofráladar a níodhbuirt ghuáthach loisge, na ngealach núadh fós, agus na nuile fhéustadh cinnte an TIGHEARNA noch do coisreagadh, agus ó gach áon dar ofráil go toileamhuil íodhbuirt áoutuigheach don TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 3:5
19 Tagairtí Cros  

Cuireadh Córae mac Imneá an Léivíteach, garda an gheata thoir, i bhfeighil na n‑íobairtí deonacha do Dhia, le roinn ar leith an Tiarna agus na hofrálacha sárnaofa a chur i leataobh.


Ón gcéad lá den seachtú mí chrom siad ar íobairtí loiscthe a ofráil don Tiarna. Ach bhí bunchloch shanctóir an Tiarna fós gan leagan.


d'arán na láithreachta, don abhlann bhuan, don íobairt uileloiscthe bhuan, do na híobairtí ar na sabóidí, ar fhéilte na ré nua, ar na sollúntais cheaptha;


Ní bheidh in easnamh ach an oiread ar shagairt na Léivíteach sliochtach fireann a sheasfaidh i mo láthairse a ofráil íobairte loiscthe, a loscadh abhlainne agus a ofráil íobairte gach lá.’ ”


“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a thagann duine agaibh le hofráil don Tiarna tugaigí bhur n‑ainmhí le hofráil on táin nó ón tréad.


Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.


“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: (Sollúna an Tiarna dá nglaonn tú iad, is tionóil naofa iad.) Seo iad m'fhéilte sollúnta!


Sé a bheidh san íobairt dí a ghabhann léi: leath hín fíona do tharbh, trian hín do reithe, ceathrú hín d'uan. Ní foláir íobairt dhóite mar sin a bheith gach mí ar mhí ar feadh míonna na bliana.


ach ofrálaigí íobairt dhóite mar uileloscadh don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail.


Ofrálaigí íobairt uileloiscthe, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana;


Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe, ofráil dhóite, agus mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: trí tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail.


Ofrálaigí mar íobairt loiscthe, mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: tarbh óg, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail.


Sin a bhfuil le déanamh agaibh don Tiarna ar bhur bhféilte sollúnta; de bhreis ar bhur n‑ofrálacha móide agus deona, bhur n‑íobairtí uileloiscthe, bhur n‑abhlanna agus bhur n‑íobairtí dí agus bhur n‑íobairtí comaoineach.”


Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar chumhracht thaitneamhach: tarbh óg, reithe, seacht dtogha uain bhliana fhireanna gan mháchail.


Deachú d'arbhair, ná do fhíona, ná d'ola, ná céadghin do thána ná do thréada, ná aon ofráil mhóide dá móidíonn tú, ná aon ofráil dheonach, ná aon ofráil a thoirbhríonn tú, ní ceadmhach duit iad a ithe i do bhailte.


Ansiúd a thabharfaidh sibh bhur n‑ofrálacha loiscthe agus bhur n‑íobairtí, bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, bhur n‑ofrálacha móide agus bhur n‑ofrálacha deonacha, céadtorthaí bhur dtána agus bhur dtréada.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí