Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 3:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Rinne siad féile na dTaibearnacal a cheiliúradh de réir mar atá scríofa leis an líon íobairtí dóite laethúil atá ceaptha ag an reacht le haghaidh an lae;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 ¶ Do chumhduigheadar mar an ccéadna féusta na ttabernaclach, mar atá scriobhtha, agus dofrátadar na híodhbartha loisge laétheamhla maille re na nuibhir, do réir an ghuátha, mar díarr oifig gach áonlaé;

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 3:4
14 Tagairtí Cros  

D'fhág Dáiví Ásáf agus a ghaolta ansiúd os comhair áirc chonradh an Tiarna le seirbhís bhuan a dhéanamh os comhair na háirce mar a d'éiligh gach lá;


Ina theannta sin eagraíodh de réir fine, na fir go léir [deich mbliana fichead] nó os a chionn, a théadh go Teampall an Tiarna ar uanaíocht lae, leis na dualgais liotúirgeacha a bhain lena n‑ord a chur i ngíomh.


Coimeád féile an fhómhair freisin, féile nús do shaothair - nús a mbeidh curtha agat i do ghoirt - agus féile an chlabhsúir i ndeireadh na bliana nuair a bheidh toradh do shaothair cruinnithe agat de na goirt.


“Seo a n‑ofrálfaidh tú ar an altóir: dhá uan bhliana gach lá gan teip.


Luigh na saoistí orthu á rá: “Comhlíonaigí bhur saothar, bhur dtasc lae, faoi mar nuair a bhí soláthar tuí ann daoibh.”


Agus thug an rí liúntas rialta dó lena chothú, lá i ndiaidh an lae, ar feadh a shaoil fad a mhair sé.


Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:


Sin a bhfuil le déanamh agaibh don Tiarna ar bhur bhféilte sollúnta; de bhreis ar bhur n‑ofrálacha móide agus deona, bhur n‑íobairtí uileloiscthe, bhur n‑abhlanna agus bhur n‑íobairtí dí agus bhur n‑íobairtí comaoineach.”


Bhí féile na nGiúdach, féile na dTaibearnacal, in achmaireacht.


Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha: “Má tá tart ar aon duine,” ar sé, “tagadh sé chugamsa agus óladh sé!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí