Eazrá 3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil III. Cúram an phobail serbhise Dé do chur súas. 1 Agus a núair tháinic an seachtmhadh mí, agus do bhádar clann Israel annsna caithreachaibh, do chruinnigheadar an pobal íad féin a gcionn a cheile amhuil aonduine go Hierusalem. 2 Annsin déirigh Iessua mhac Iosadac, agus a dhearbhráithre na sagairt, agus Serubbabel mhac Sealtiel, agus a dhearbhráithre, agus do chuireadar súas altóir De Israel, dofráil íodneartha loisg uirre, mar atá scríobhtha a ndligheadh Mhaoise óglaich Dé. 3 Agus do shuigheadar a naltóir air a fuileanguibh; (óir do bhí eagla orra do bhrígh dháoine na ccríoch sin): agus dofráladar íodhbartha loisge uirre don TIGHEARNA, eadhon ofrála loisge maidne agus tráthanóna. 4 ¶ Do chumhduigheadar mar an ccéadna féusta na ttabernaclach, mar atá scriobhtha, agus dofrátadar na híodhbartha loisge laétheamhla maille re na nuibhir, do réir an ghuátha, mar díarr oifig gach áonlaé; 5 Agus na dhiaighsin dofráladar a níodhbuirt ghuáthach loisge, na ngealach núadh fós, agus na nuile fhéustadh cinnte an TIGHEARNA noch do coisreagadh, agus ó gach áon dar ofráil go toileamhuil íodhbuirt áoutuigheach don TIGHEARNA. 6 On ccéad lá don tseachdmhadh mí do thosuigheadar ofrála loisge don TIGHEARNA. Acht nior suigheadh bunait teampuill an TIGHEARNA fos. 7 ¶ Thugadar fós airgiod do na saoruibh cloiche, agus croinn; agus bíadh, agus deoch, agus ola, do mhuinntir Shídon agus Tior, do thabhairt crann cédair ó Lebanon go fairge Ioppa, do réir an cheada fúaradar ó Chirus rígh na Persia. 8 ¶ Anois annsa dara bhlíadhain ar tteacht dóibh go tigh Dé ann Ierusalem, air an dara mí do tosuigh Serubbabel mhac Sealtiel, agus Iessua mhac Iosadac, agus ar mhair dá ndearbhráithribh na sagairt agus na Lebítigh, agus a nuile dhuine dá ttáinic as a ndaoirsine go Hierusalem; agus dórduigheadar na Lebhítigh, ó fithchid bliadham daóis agus ós a chionn, do chur oibre thighe an TIGHEARNA ar a haghaidh. 9 Annsin do sheas Iessua súas gon a mhacai h agus gon a dhearbhráithribh, Cadmiel agus a mhic, mic Iudah, a bhfochair a cheile, do bhrostughadh an luchda oibre a ttigh Dé: mic Henadad, gon a macaibh agus gon a ndearbhráithribh na Lebhitigh. 10 Agus a nuáir do shuigheadar na saóir bunáit theampuil an TIGHEARNA, do chuireadar na sagairt iona cculadhuibh maille re stocuibh, agus na Lebhítigh mic Asaph maille re cimbaluibh, do mholadh an TIGHEARNA, do réir órduigh Dháibhi rígh Israel. 11 Agus do chanadar le chéile fa seach ag moladh agus ag tabhairt buidheachuis don TIGHEARNA; do bhrigh go bhfuil sé maith, agus go mairionn a thrócaire Disrael go bráth. Agus do gháireadar an pobal uile lé gáir mhoir, a nuáir do mholadar an TIGHEARNA, do bhrígh gur shuigheadar bunáit thighe an TIGHEARNA. 12 Acht do ghuileadar ós áird, mórán do na sagartuibh agus do na Lebhitibh agus togha na naithreadh, do bhí na ndaoinibh áosta, noch do chonnairc an chédthigh, a núair do suigheadh bunáit an tighe as coinne a súl; agus do gháir mórán lé lúathghair: 13 Ionnus nar thuigeadar an pobal fuáim gáire ná luathgháire tár fhúaim ghola an phobail: óir do gháireadar na daóine do ghuth árd, agus do clos a ngáir a nimchian. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society