Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 3:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Nuair a bhí bunchloch shanctóir an Tiarna leagtha ag na saoir, tháinig na sagairt in éidí míne lín le stoic, agus na Léivítigh, clann Ásáf, le ciombail, d'fhonn an Tiarna a mholadh de réir reachtanna Dháiví rí Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus a nuáir do shuigheadar na saóir bunáit theampuil an TIGHEARNA, do chuireadar na sagairt iona cculadhuibh maille re stocuibh, agus na Lebhítigh mic Asaph maille re cimbaluibh, do mholadh an TIGHEARNA, do réir órduigh Dháibhi rígh Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 3:10
26 Tagairtí Cros  

Bhí na sagairt Seabainiá, Ióiseáfát, Natanael, Amásai, Zacairiá, Banáiá, Eilíeizir, leis an stoc a shéideadh roimh áirc Dé; bhí Obaed Eadóm agus Íchiá le bheith i bhfeighil gheataí na háirce.


Bhí éide de línéadach mín ar Dháiví mar a bhí ar na Léivítigh go léir a bhí ag iompar na háirce, ar an cantairí agus ar Chanainiá, an té a bhí i gceannas ar cheol na gcantairí. Chaith Dáiví an t‑éafód lín freisin.


D'fhág Dáiví Ásáf agus a ghaolta ansiúd os comhair áirc chonradh an Tiarna le seirbhís bhuan a dhéanamh os comhair na háirce mar a d'éiligh gach lá;


Bhí Héamán agus Iadútún i bhfeighil na stoc agus na gciombal agus na n‑uirlisí don cheol a bhí ag gabháil le hiomainn mholta Dé. Cuireadh clann mhac Iadútún i bhfeighil an gheata.


bhí ceithre mhíle díobh i bhfeighil na ngeataí, agus ceithre mhíle díobh ag moladh an Tiarna leis na gléasanna ceoil a chuir [Dáiví] á ndéanamh chuige sin.


An t‑ochtú duine déag, Hanáiní, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.


Ina dhiaidh sin chóirigh siad an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, mar bhí na sagairt, clann Árón, gafa go hoíche ag ofráil na híobairte dóite agus na spolaí méithe. Sin é an fáth ar chóirigh na Léivítigh an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, clann Árón.


Bhí na cantairí, clann Ásáf, ina n‑áit, de réir rialacha Dháiví; níor ghá d'Ásáf, do Héamán, do Iadútún, físí an rí, ná do lucht faire na ngeataí a ndualgais a fhágáil, mar rinne a ngaolta, na Léivítigh, gach ní a chóiriú dóibh.


Na cantairí Léivíteacha go léir, Ásáf, Héamán, Iadútún, agus a gclann mhac agus a ndeartháireacha, sheas siad lastoir den altóir, agus iad gléasta i línéadach mín ag seinm ciombal, cláirseach agus cruiteanna, agus céad agus a fiche sagart ag comhsheinm leo ar an stoc.


Na cantairí: clann mhac Ásáf, céad fiche a hocht.


Tháinig an Séisbeazar céanna dá bhrí sin agus leag sé clocha boinn Theampall Dé in Iarúsailéim; tá sé á thógáil acu riamh ó shin, ach níl deireadh déanta fós.”


Molaigí é le clagarnach na gciombal! Molaigí é le ciombail chlingíneacha!


“Déanaigí machnamh anois ar a dtarlóidh ón lá seo amach. Sular cuireadh cloch ar mhuin cloiche i dTeampall an Tiarna cén bhail a bhí oraibhse?


Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.” “Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.”


Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt: Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil: “Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua.


Céard é thusa, a shliabh mhóir? Déanfar má díot roimh Zarubáibil. Nuair a bhéarfaidh sé an chloch chinn amach, gáirfear os ard: “Nach álainn í! Nach álainn í.’ ”


agus abair é seo leis: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Seo fear darb ainm ‘An Beangán’; eascróidh sé mar a bhfuil sé agus tógfaidh sé Teampall an Tiarna.


agus chun an cheist seo a chur ar shagairt Theampall Thiarna na Slua agus ar na fáithe: “An gcaithfidh mé caoineadh agus troscadh a dhéanamh go fóill sa chúigiú mí faoi mar atá á dhéanamh agam leis an oiread sin blianta anuas?”


Ansin dúirt an rí le Doéig: “Ar aghaidh leat agus imir faobhar ar na sagairt.” Agus ar aghaidh le Doéig an tEadómach agus d'imir sé faobhar ar na sagairt, agus mharaigh sé cúigear agus ceithre fichid díobh siúd a chaith an t‑éafód lín an lá sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí