Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eazrá 3:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Mhol siad agus mhóraigh siad an Tiarna, “Óir is maith é, agus is seasmhach go deo é a bhuanghrá d'Iosrael.” Agus chan an pobal go léir moltaí an Tiarna in ard a gcinn is a ngutha mar go raibh buncloch Theampall an Tiarna leagtha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus do chanadar le chéile fa seach ag moladh agus ag tabhairt buidheachuis don TIGHEARNA; do bhrigh go bhfuil sé maith, agus go mairionn a thrócaire Disrael go bráth. Agus do gháireadar an pobal uile lé gáir mhoir, a nuáir do mholadar an TIGHEARNA, do bhrígh gur shuigheadar bunáit thighe an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Eazrá 3:11
32 Tagairtí Cros  

Beirigí buíochas leis an Tiarna mar is maith é; Maireann a bhuanghrá go brách!


Bhí Héamán agus Iadútún ina dteannta agus an chuid eile díobh siúd a toghadh agus a ainmníodh le Dia a mholadh, “mar maireann a bhuanghrá de shíor”.


Iad siúd a sheinn an stoc agus a chan, mholadar agus mhóradar an Tiarna d'aonghuth. Thógadar a nglór i gcomhcheol leis an stoc agus leis an gciombal agus leis na gléasanna ceoil agus mholadar an Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shior,” líon néal an sanctóir, is é sin, Teampall an Tiarna.


Nuair a chonaic clann Iosrael go léir an tine ag teacht anuas agus glóir an Tiarna ina luí ar an Teampall, chrom siad síos chun an urláir ar a mbéala agus ar a bhfiacla ar an bpábháil; thug siad adhradh agus moladh don Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor.”


Clann mhac Léiví: scríobhadh i Leabhar na nAnnála ainmneacha na gcinn finí, ach gan dul thar am Ióchánán mac mic Eiliáisíb.


ansin thar Gheata Eafráim, (thar an SeanGheata,) Geata an Éisc, agus Túr Hananael, chomh fada le Geata na gCaorach. Stad siad ag Geata [na Faire].


Nach maith é go deimhin an Tiarna; maireann a bhuanghrá go brách. Is dílis é ó ghlúin go chéile.


Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraí don dream ar a mbíonn a eagla,


Ollmhaitheas Dé agus Diomaíochas Iosrael Alleluia. 1 Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é; toisc go maireann a bhuanghrá go brách.


Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é, toisc go maireann a bhuanghrá go brách.


Alleluia. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é; agus go maireann a bhuanghrá go brách.


Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Níl mo chroí i mborr le mórtas, a Thiarna; níl mo shúile go huaibhreach. Ní mó go bhfuil mo dhúil i nithe móra, a théann thar m'acmhainn.


Molaigí an Tiarna toisc gur maith é an Tiarna; canaigí Salm dá ainm toisc gur grámhar é;


Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach.


Is uaidh a fuaireamar ár n‑oidhreacht; oidhreacht Iacóib dá dtugann sé grá.


Chuir Miriám ceann ar an luinneog ag canadh dóibh: “Canaigí don Tiarna; rug sé bua le barr glóire! chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.”


Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”


A spéartha, liúirígí le háthas, mar tá an Tiarna i mbun gnímh. Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún! A shléibhte, ceolaigí le háthas, agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat! Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saor agus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael!


Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile: “Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua. Tá an talamh lán dá ghlóir.”


guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn: Molaigí Tiarna na Slua, óir is maith é an Tiarna, óir maireann a bhuanghrá go brách. “Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’


Cé atá fágtha in bhur measc a chonaic an Teampall seo faoina chéadghlóir? Agus conas a fhéachann sé daoibh anois? Nach neamhní ar fad é in bhur súile?


Céard é thusa, a shliabh mhóir? Déanfar má díot roimh Zarubáibil. Nuair a bhéarfaidh sé an chloch chinn amach, gáirfear os ard: “Nach álainn í! Nach álainn í.’ ”


Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.


agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.


Thug Iósua an t‑ordú seo leanas don phobal: “Ná déanaigí gáir agus ná bíodh gíocs asaibh ná focal as bhur mbéal go dtí an lá a déarfaidh mé libh: ‘Tógaigí an gháir chatha.’ Ansin tugaigí gáir.”


An seachtú huair, nuair a shéid na sagairt na trumpaí, dúirt Iósua leis an bpobal: “Tugaigí an gháir, óir thug an Tiarna an chathair daoibh.


Nuair a sheinnfidh siad dord fada ar an adharc reithe, a luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, ní foláir don phobal go léir gáir thréan chatha a chur astu, agus titfidh balla na cathrach ar lár gan mhoill; ansin ionsóidh an pobal an chathair gach duine ag sá roimhe.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí