Eazrá 3:9 - An Bíobla Naofa 19819 D'aontaigh Iéisiúa agus a chlann mhac agus a bhráithre, mar aon le Caidmíéil, [Bionúi agus Hódavá], dul i bhfeighil na muintire a bhí ag obair ar Theampall an Tiarna. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Annsin do sheas Iessua súas gon a mhacai h agus gon a dhearbhráithribh, Cadmiel agus a mhic, mic Iudah, a bhfochair a cheile, do bhrostughadh an luchda oibre a ttigh Dé: mic Henadad, gon a macaibh agus gon a ndearbhráithribh na Lebhitigh. Féach an chaibidil |
Ba sa dara mí den dara bliain tar éis dóibh teacht go Teampall Dé in Iarúsailéim a chrom Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar an obair leis an gcuid eile dá mbráithre, na sagairt, na Léivítigh agus an mhuintir go léir a d'fhill ar Iarúsailéim ón deoraíocht. Cheap siad na Léivítigh a bhí fiche bliain d'aois nó os a chionn i bhfeighil na hoibre ar Theampall an Tiarna.