Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 8:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ansin thóg an t‑aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. D'éirigh raistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Rug an t-aingeal ar an túiseoir ansin gur lion de thine ón altóir é agus gur chaith uaidh ar an talamh é; agus bhí roisteacha toirni agus ardghlórtha, agus splancacha tine, agus crith talaimh ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus do ghlac an t‐aingeal an túiseoir, agus do líon sé de theinidh na h‐altóra é, agus do chaith sé ar an talamh í: agus d’éirigh tóirneacha, agus glórtha, agus lasracha, agus crioth talmhan ’na dhiaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus do ghlac an taingeal an sionnsa, agus do líon sé do theine na haltóra, agus do theilg sé fan dtalamh é: agus do éirigh góthanna, agus tóirneach, agus tinnteach, agus crith talmhan ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ansin thóg an t-aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. Dʼéirigh roistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 8:5
24 Tagairtí Cros  

Ansin fuair sé an focal: “Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna.” Chuaigh an Tiarna féin thar bráid ansin. Tháinig gaoth láidir, chomh tréan sin gur réab sí na sléibhte agus go ndearna smionagar de na carraigeacha roimh an Tiarna. Ach ní raibh an Tiarna sa ghaoth. I ndiaidh na gaoithe tháinig crith talún. Ach ní raibh an Tiarna sa chrith talún.


As an ngile agus na néalta a bhí uime tháinig clocha sneachta agus splancacha tine.


Le breacadh an tríú lá, tharla toirneacha agus splancanna tintrí ar an sliabh, agus scamall tiubh agus dord an-ard trumpa; agus bhí na daoine go léir sa champa ar crith.


beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua, le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór, le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach


Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir, agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe, i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí, i séideán báistí agus clochshneachta.


An ghlóraíl agus an ghlafarnach sin sa chathair, an glór ag teacht ón Teampall, glór an Tiarna is ea é agus é ag baint sásaimh as a naimhde.


Bioraigí na saigheada, líonaigí na bolgáin! “Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.


Tógadh sé túiseoir lán de sméaróidí dearga ón altóir os comhair an Tiarna, agus dhá chrobh de thúis mhín chumhra, agus tugadh sé thar fial isteach é,


Líonfar an gleann atá idir na cnoic ó Ghóa go dtí Iásól agus druidfear é faoi mar a tharla tar éis an chreatha talún in aimsir Uiziá, rí Iúdá. Tiocfaidh an Tiarna, mo Dhia, ansin agus a chuid naomh go léir in éineacht leis.


Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus plánna agus maidhmeanna talún anseo is ansiúd.


“Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin!


Go tobann tharla crith mór talún agus luascadh an príosún ó bhonn. Osclaíodh na doirse uile ar an bpointe agus thit na slabhraí de chách.


Níor thúisce an phaidir sin ráite acu ná chrith an áit ina raibh siad cruinnithe; líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag fógairt teachtaireacht Dé go teann dána.


Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas.


Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán clocha sneachta.


Gabhann amach ón ríchathaoir splancacha tintrí, glórtha agus toirneacha; bíonn seacht lóchrann tine ar lasadh os comhair na ríchathaoireach, agus is iadsan seacht spiorad Dé.


Nuair a d'oscail sé an séú séala, d'fhéach mé; agus tharla crith mór talún, agus dhubhaigh an ghrian mar éadach róin, agus dheargaigh an ghealach go léir mar fhuil,


Agus tháinig aingeal eile agus sheas sé ag an altóir agus túiseoir órga aige; agus tugadh dó iliomad túise le cumasc le hurnaithe na naomh ar an altóir órga a bhí os comhair na ríchathaoireach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí