Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Apacailipsis (Taispeántadh) 8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair d’fhoscail sé an seachtmhadh séala, do bhí tost ar neamh tuairim is leathuair.

2 Agus do chonnacas na seacht n‐aingle bhíos ’n‐a seasamh i bhfiadhnaise Dé; agus tugadh seacht stuic dóibh.

3 Agus tháinig aingeal eile agus do sheasuigh sé os cómhair na h‐altóra, agus túiseoir óir aige, agus tugadh a lán túise dhó, chum go gcuirfeadh sé ar an altóir óir do bhí os cómhair na righ‐chathaoireach í, maille le h‐urnaighthibh na naomh.

4 Agus do chuaidh deatach na túise, maille le h‐urnaighthibh na naomh uile, suas ó láimh an aingil os cómhair Dé.

5 Agus do ghlac an t‐aingeal an túiseoir, agus do líon sé de theinidh na h‐altóra é, agus do chaith sé ar an talamh í: agus d’éirigh tóirneacha, agus glórtha, agus lasracha, agus crioth talmhan ’na dhiaidh.

6 Agus na seacht n‐aingle go raibh na seacht stuic aca, d’ullmhuigheadar chum iad do shéideadh.

7 Agus do shéid an chéad aingeal, agus tháinig cloich‐shneachta agus teine, measctha le fuil, ’n‐a dhiaidh, agus do caitheadh iad ar an talamh: agus do dóigheadh an treas cuid de’n talamh, agus do dóigheadh an treas cuid de na crannaibh, agus do dóigheadh an féar glas go h‐uile.

8 Agus do shéid an dara h‐aingeal, agus do teilgeadh mar bhéadh cnoc mór d’á loscadh le teinidh isteach san bhfairrge: agus do rinneadh fuil de’n treas cuid de’n fhairrge:

9 agus d’éag an treas cuid de na rudaibh beo do bhí san bhfairrge, agus do scriosadh an treas cuid de na longaibh.

10 Agus do shéid an treas aingeal, agus do thuit réalta mhór ó neamh anuas, agus í ar dearg‐lasadh amhail tóirse, agus do thuit sí ar an treas cuid de na h‐aibhnibh, agus ar thoibreachaibh an uisce:

11 agus is é ainm na réaltan Mormónta: agus do rinneadh mormónta de’n treas cuid de na h‐uiscibh; agus d’éag a lán daoine de dheascaibh na n‐uiscí, toisc iad d’éirghe searbh.

12 Agus do shéid an ceathramhadh h‐aingeal, agus do buaileadh an treas cuid de’n ghréin, agus an treas cuid de’n ghealaigh, agus an treas cuid de na réaltanaibh; chum go n‐éireochadh an treas cuid díobh dorcha, agus go gcaillfeadh an lá an treas cuid d’á sholas, agus an oidhche mar an gcéadna.

13 Agus do dhearcas, agus do chualas iolar aonair ar eiteall i lár na spéire, g‐á rádh de ghuth árd, Mairg, mairg, mairg, do lucht áitreabha na talmhan, mar gheall ar ghlórthaibh eile na stoc atá le séideadh fós ag na trí h‐ainglibh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí