Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 2:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 an soiscéal a bhfuil mise ag fulaingt ar a short agus mé ag caitheamh geimhle mar choirpeach. Ach ní fhéadtar briathar Dé a cheangal le geimhle.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 go bhfuilim ag fulang ar a shon i gcuibhreachaibh amhail cuirptheoir, acht ní fhuil briathar Dé fá chuibhreachaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ar son a bhfuilim ag fúlang uilc, go géibheannuibh, mar fhear drochgníomha; gidheadh ní bhfuil bríathar Dé ceanguilte.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáim-se ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 2:9
22 Tagairtí Cros  

Bhí beirt choirpeach eile á seoladh mar aon leis chun a mbásaithe.


Chuaigh an ceannasaí suas chuige agus ghabh é agus d'ordaigh é a cheangal le dhá shlabhra. D'fhiafraigh sé ansin cérbh é agus cad a bhí déanta aige.


Lean sé air ag fógairt ríocht Dé agus scéal an Tiarna Íosa Críost aige á theagasc go lánoscailte agus gan bac ar bith air.


Taispeánfaidh mise dó a bhfuil le fulaingt aige ar son m'ainmse.”


Sin é an fáth a bhfuilimse, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe -


Ach an dream atá ag fógairt Chríost le teann mioscaise, ní le hintinn ghlan atá siad á dhéanamh ach d'fhonn anacair a tharraingt ormsa agus mé i ngéibheann.


Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.


Beannacht oraibh faoi mo láimh féin - Pól. Ná déanaigí dearmad ar mo shlabhraí. Grásta go raibh agaibh.


Agus déanaigí guí orainne chomh maith, a iarraidh ar Dhia bealach a réiteach dúinn chun a bhriathar a leathadh agus chun rúndiamhair Chríost a fhógairt. Ós é an rúndiamhair sin faoi deara dom bheith i ngéibheann,


Mar is uaibhse amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus in Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi.


Mar fhocal scoir, a bhráithre, bígí ag guí orainne, le súil go leathfadh scéala an Tiarna go luath agus go mbeadh meas air faoi mar tharla agaibh féin.


Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.


Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesaforas, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé bheith i bpríosún,


Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia.


Cuir suas le do chion féin den chruatan mar a dhéanfadh saighdiúir dílis Chríost Íosa.


Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin


Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.


más do ghobharnóirí é, de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh.


agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost.


Nár lige Dia go bhfulaingeodh aon duine agaibh pionós mar dhúnmharfóir, mar ghadaí, mar choirpeach, nó mar ladhrálaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí