Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 2:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Cuimhnigh ar Íosa Críost a rugadh de shliocht Dháivi, agus a tógadh ó mhairbh de réir an dea-scéil a bhímse a fhógairt.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Go mba chuimhneach leat Íosa Críost, de shliocht Dháibhí a dʼéirigh ó mhairbh, a bhíos á sheanmóireacht i mo shoiscéalsa,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Cuimhnigh ar Íosa Críost, de phór Dháibhí, d’aiséirigh ó na marbhaibh do réir mo shoiscéil‐se:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Cuímhnigh gur eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh, do shíol Daibhi do réir mo shoisgéilse:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Cuimhnigh ar Íosa Críost a rugadh de shliocht Dháiví, agus a tógadh ó mhairbh de réir an dea-scéil a bhímse a fhógairt.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 2:8
18 Tagairtí Cros  

Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.


agus dúirt sé leo: “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n‑éireodh sé ó mhairbh an treas lá,


Is dá shliocht siúd a thóg Dia slánaitheoir d'Iosrael de réir mar a bhí geallta aige - is é sin Íosa.


Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d'fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:


Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir,


Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta


[Léireofar é sin] an lá úd a dtabharfaidh Dia breith ar ghníomhartha rúnda na ndaoine de réir mo dhea-scéil, trí Íosa Críost.


Ba mhaith liom a mheabhrú anois daoibh, a bhráithre, an dea-scéal úd a d'fhógair mé daoibh agus ar ghlac sibhse leis agus a bhfuil sibh suite go daingean de.


gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr;


Is é fáth ar ghlaoigh sé oraibh tríd an dea-scéal seo againne, chun go mbainfeadh sibh amach daoibh féin glóir ár dTiarna Íosa Críost.


atá de réir an dea-scéil ghlórmhair úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa.


ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom - ceapadh mise i mo bholscaire agus i m'aspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.


Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia.


Machnaigh ar a bhfuilim a rá agus tabharfaidh an Tiarna tuiscint duit ar an iomlán.


Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n‑osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí