Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 9:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Dúirt Zíbeá leis an rí: “Déanfaidh do shearbhónta gach ar ordaigh mo thiarna an rí dá shearbhónta.” Bhíodh Meirí Bál dá bhrí sin ag suí chun boird le Dáiví, mar dhuine de chlann mhac an rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Ann sin a dubhairt Síba ris an rígh, Do reir a nuile neithe dar fhúagair mo thighearna an rígh dá shearbhfhoghantuigh, marsin do dhéanas hoglach. Ar son Mhephiboset, ar sa an rígh, íosa sé ar mo bhórdsa, mar áon do mhacaibh an rígh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 9:11
8 Tagairtí Cros  

D'fhreagair oifigigh an rí: “Féach, táimidne, do shearbhóntaí, réidh le déanamh de réir cibé ní a bheartóidh mo thiarna, an rí.”


Bhrostaigh Simeí mac Ghéará an Biniáimineach ó Bhachúraím anuas le fir Iúdá le bualadh le Dáiví rí.


Dúirt an rí le Simeí: “Ní chuirfear chun báis thú,” agus thug sé a mhionn dó.


Nuair a tháinig sé ó Iarúsailéim in araicis an rí, d'fhiafraigh an rí de: “Cén fáth nár tháinig tú liom, a Mheirí Bál?”


Ní foláir duitse an talamh a shaothrú dó, thú féin agus do chlann mhac agus do dhaoráin; ní foláir duitse an fómhar a bhaint chun bia a sholáthar do chlann do mháistir. Ach Meirí Bál, mac do mháistir, beidh a bhéilí i gcónaí aige ag bord liom féin.” Bhí cúigear mac déag ag Zíbeá agus fiche daorán.


Bhí mac óg ag Meirí Bál darbh ainm Míceá. Rinne searbhóntaí do Mheirí Bál de gach duine a raibh cónaí air i dteach Zíbeá.


Bhí cónaí ar Mheirí Bál i Iarúsailéim mar shuíodh sé i gcónaí ag bord an rí. Bhí dhá chois bhacacha faoi.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí