Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Samúéil 9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Luchd oifighe Dhaibhí. 7 A chinéal do Mhephiboset.

1 Agus a dubhairt Dáibhi, An bhfuil fós éanduine béó do thigh Shauil, go ttaisbéanuinn cinéul do ar son Ionatan?

2 Agus do bhí do thigh Shauil searbhfhoghantuigh dar bhainm Síba. Agus a núair do ghoireadar é chum Dáibhi, a dubhairt an rígh ris, An tusa Síba? Agus a dúbhairt Síba, Is mé do shearbhfhoghantuigh.

3 Agus a dnbhairt an rígh ris, An mairionn éanduine fós do thigh Shauil, go bhfoillsighidh mé muinnteardhus Dé dhó? Agus a dubháirt Síba ris an rígh, Atá mac fós ag Ionatan, noch atá bacach iona chosuibh.

4 Agus a dubhairt an rígh ris, Cáit a bhfuil sé? Agus a dubhairt Síba ris an rígh, Feach átá sé a ttigh Mhachir, mhic Ammiel, a Lo‐debar.

5 ¶ Ann sin do chuir Dáibhi rígh fios air, agus thug leis é as tigh Mhachir mac Ammiel, ó Lo‐debar.

6 Anois a nuáir tháinic Mephibóset, mhac Ionatain, mhic Sauil, mar a raibh Dáibhi, do thuit sé ar a aghaidh, agus do rinne sé umhla. Agus a dubhairt Dáibhi, A Mhephibóset. Agus do fhreagair seision, Féuch do shearbhfhoghantuigh!

7 ¶ Agus a dubhairt Dáibhi ris, Ná bíodh egla ort: óir go demhin taisbeanfuidh misi cinéul duit ar son hathar Ionatan, agus aiséoca mé dhuit dúithche Shauil hathar uile; agus íosa tú arán ar mo bhórdsa a ccomhnuigh.

8 Agus dumhluigh seision é féin, agus a dubhairt, Cred é do shearbhfhoghantuigh as a bhféuchfása ar mo shamuilse do mhadradh marbh?

9 ¶ Ann sin do ghoir an rígh Síba, searbhfhoghantuigh Shauil chuige, agus a dubhairt ris, Thug mé do mhac do mhaighistir a nuile ní ba le Saul agus le na thigh uile.

10 Saothrochtha tusa, agus do mhic ar a nadhbharsin, agus do sherbhísigh, an fearann dó, agus do bhéara tú a steach an sochar, chor go mbía beatha ag mac do mhaighistir re ithe: achd íosa Mephibóset mac do Maighistir arán ar mo bhordsa a ngnáth. Anois do bhí ag Síba cúig mic dhéug agus fithche searbhfhoghantúigh.

11 Ann sin a dubhairt Síba ris an rígh, Do reir a nuile neithe dar fhúagair mo thighearna an rígh dá shearbhfhoghantuigh, marsin do dhéanas hoglach. Ar son Mhephiboset, ar sa an rígh, íosa sé ar mo bhórdsa, mar áon do mhacaibh an rígh.

12 Agus do bhí mac óg ag Mephiboset, dar bhainm Mica. Agus an mhéid do bhí a ttigh Shíba bá serbhísigh do Mhephibóset íad.

13 Marsin do chomhnuigh Mephibóset a Nierusalem: óir do itheadh se a gcomhnuidhe ar bhórd an rígh; agus do bhí sé bacach iona chosuibh.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí