2 Samúéil 9:10 - An Bíobla Naofa 198110 Ní foláir duitse an talamh a shaothrú dó, thú féin agus do chlann mhac agus do dhaoráin; ní foláir duitse an fómhar a bhaint chun bia a sholáthar do chlann do mháistir. Ach Meirí Bál, mac do mháistir, beidh a bhéilí i gcónaí aige ag bord liom féin.” Bhí cúigear mac déag ag Zíbeá agus fiche daorán. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Saothrochtha tusa, agus do mhic ar a nadhbharsin, agus do sherbhísigh, an fearann dó, agus do bhéara tú a steach an sochar, chor go mbía beatha ag mac do mhaighistir re ithe: achd íosa Mephibóset mac do Maighistir arán ar mo bhordsa a ngnáth. Anois do bhí ag Síba cúig mic dhéug agus fithche searbhfhoghantúigh. Féach an chaibidil |