Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 3:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 “Fuil é seo,” ar siad, “ní foláir nó gur throid na ríthe eatarthu féin agus gur mharaíodar a chéile. Ar aghaidh chun na creiche, a Mhóáb, más ea!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus a dubhradar, Is fuil so: atáid na ríghthe marbh go deimhin, agus do bhuaileadar féin a chéile: anois ar a nadhbharsin, a Mhóab, chum na héadala.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 3:23
8 Tagairtí Cros  

Ar maidin, nuair a d'éiríodar, bhí an ghrian ag taitneamh ar an uisce, agus thaibhsigh an t‑uisce dearg mar fhuil uathu do na Móábaigh.


Ach nuair a shroich siad longfort Iosrael, d'éirigh na hIosraelaigh ina gcoinne agus thug siad fogha faoi na Móábaigh agus theith siadsan rompu, agus (ag dul ar aghaidh dóibh) rinneadar ár agus eirleach ar na Móábaigh.


Mar thug an Tiarna ar na hArámaigh ina longfort fuaim carbad agus capall agus geoin armála móire a chloisteáil; agus dúradar le chéile: “Féach! rinne rí Iosrael na ríthe Hiteacha a fhostú le troid inár n‑aghaidh, agus ríthe na hÉigipte le sinn a ionsaí.”


Tháinig Iahóiseáfát ansin agus a shluaite lena gcreachadh agus fuair siad mórchuid eallaigh agus maoine agus éadaí agus seod; bhailíodar thar mar ab fhéidir leo a bhreith leo; bhí an chreach chomh mór sin go rabhadar trí lá á cruinniú.


‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid. ‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’


D'aimsigh mo lámh, mar i nead a bheadh sé, saibhreas na gciníocha. Mar a thógfá uibheacha a tréigeadh, bhailigh mé chugam an talamh ar fad, agus níor greadadh sciathán, níor osclaíodh gob, níor chualathas gíog.”


“Nach bhfuil siad cheana féin ag bailiú, ar ndóigh, agus ag roinnt na creiche? - Ógbhean nó beirt do gach laoch; Fallaing, nó dhá fhallaing dhaite do Shíseará; Carbhat, dhá charbhat le bróidnéireacht domsa!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí