Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 3:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Ach nuair a shroich siad longfort Iosrael, d'éirigh na hIosraelaigh ina gcoinne agus thug siad fogha faoi na Móábaigh agus theith siadsan rompu, agus (ag dul ar aghaidh dóibh) rinneadar ár agus eirleach ar na Móábaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus a nuáir thangadar go foslungport Israel, do éirgheadar na Hisraelítigh súas agus do bhuáileadar na Móabitigh, iondus gur theitheadar rompa: acht do chúadar ar a naghaidh búaladh na Móabíteach, air fad gus a ttír féin.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 3:24
6 Tagairtí Cros  

Ansin ghabh rí Iosrael amach agus ghabh idir eachra agus charbaid agus rinne ár is eirleach ar Arám.


“Fuil é seo,” ar siad, “ní foláir nó gur throid na ríthe eatarthu féin agus gur mharaíodar a chéile. Ar aghaidh chun na creiche, a Mhóáb, más ea!”


Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí