Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Tiomóid 2:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Slánófar í, áfach, trí chlann a iompar, má chloíonn sí go stuama leis an gcreideamh, leis an ngrá agus leis an gcráifeacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Ach slánófar i as breith na clainne, má leantar don chreideamh agus don ghrá agus don naofacht maraon leis an modhúlacht.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Acht cheana tiocfaidh sí slán tré iomchar clainne, acht go leanann siad de’n chreideamh, de’n ghrádh, agus de’n naomhacht, le macántacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Gidheadh slaineóchthar í ré breith cloinne, dá gcomhnuighid síad a gcreideamh agus a ngrádh agus a náomhthachd maille ré macántus.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Slánófar í, áfach, trí chlann a iompar, má chloíonn sí go stuama leis an gcreideamh, leis an ngrá agus leis an gcráifeacht.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 2:15
14 Tagairtí Cros  

Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.


Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.


Cá fada a bheidh tú go stadach, a iníon mhídhílis? Óir tá ní nua á chruthú ag an Tiarna ar talamh: Rachaidh an Bhean arís ar lorg a Fir Chéile.”


agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.


Agus na baill den chorp is lú gradam linn, is iad is onóraí a chóirímid; agus na baill is lú maise atá againn is iad is cuibhiúla a mhaisítear,


Tháinig rabharta de ghrásta ár dTiarna chugam agus den chreideamh agus den ghrá atá i gCríost Íosa.


Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.


Ar an gcuma chéanna ba mhaith liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluaigh,


Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta,


Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí