Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Tiomóid 3:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Is barántúil an ráiteas é seo: an té a bhíonn ag tnúth le cúram an uachtaráin is uasal an obair a shantaíonn sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Is cinnte an ráiteas é: an té a thnúthas le bheith ina easpag bíonn saint chun dea-oibre air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Is inchreidthe an focal, má loirgeann duine cúram easbuic, go loirgeann sé obair mhaith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 As rádh fírinneach so, Má atá fonn ar áoinneach oifig easbuig do ghlacadh, íarruidh sé obair mhaith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Is barántúil an ráiteas é seo: an té a bhíonn ag tnúth le cúram an uachtaráin is uasal an obair a shantaíonn sé.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 3:1
19 Tagairtí Cros  

Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan; ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am].


Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”


“Mar atá scríofa i leabhar na Salm: ‘Go raibh a áitreabh ina fhásach, agus gan aoinneach ina chónaí ann.’ Agus: ‘Tógadh duine eile a fheidhmeannas.’


Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun bheith in bhur n‑aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola.”


Agus tá rud le rá agam libhse, a ghintlithe: Sa mhéid gurb aspal na ngintlithe mé, is ag méadú m'fheidhmeannais a bheidh mé


d'fhonn na naoimh a chur in oiriúint dá ndualgas, mar atá, corp Chríost a thógáil mar theach;


Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.


Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile.


Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu,


Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é sin.


Is fíor an ráiteas é: Má fuaireamar bás in éineacht leis beimid beo in éineacht leis chomh maith.


Mar, ós maor do Dhia an t‑uachtarán ní mór dó bheith gan locht, gan bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach,


Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine.


féachaigí chuige nach gcaillfidh aon duine agaibh grásta Dé, agus nach bhfásfaidh aon fhréamh nimhneach suas in bhur measc a chuirfeadh buaireamh oraibh agus a thruailleodh an t‑iomlán agaibh.


Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n‑anama.


Nár lige Dia go bhfulaingeodh aon duine agaibh pionós mar dhúnmharfóir, mar ghadaí, mar choirpeach, nó mar ladhrálaí.


Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí