Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Peadar 5:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Silveánas, bráthair dílis, dar liom, á thathant oraibh agus á áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Is le láimh Shilbhánus, a bhfuil meas bráthar dhílis agam air, a scríobhadh an litir ghairid seo chugaibh, do bhur ngríosú agus ag foilsiú ghrásta fhírinneach Dé; seasaigí sibhse leis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Tré Shilbhánus, ár mbráthair dílis, do réir mo thuairme‐se, atáim ag scríobhadh go h‐aithghearr chugaibh, chum meanmna do thabhairt daoibh, agus chum a chur i dtuigsin daoibh gur ab é fíor‐ghrása Dé é seo: seasuighidh go daingean ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Ré Silbhánus, dearbhráthair díleas, do réir bharamhla, do sgríobh mé go haithghearr chuguibh, ag teagusg, agus ag déunamh fíadhnuise gur ab é so fíorghrás Dé ann a bhfuil sib hag seasamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Shilveánas, bráthair dílis, dar liom, dá thathant oraibh agus dá áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 5:12
24 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Peadar é sin dá bhrí sin, dúirt sé le Íosa: “Cad mar gheall air seo?”


Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte.


Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas.


Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé.”


mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn.


Ba mhaith liom a mheabhrú anois daoibh, a bhráithre, an dea-scéal úd a d'fhógair mé daoibh agus ar ghlac sibhse leis agus a bhfuil sibh suite go daingean de.


Íosa Críost, Mac Dé, atá fógartha in bhur measc againn - agam féin, ag Silveánas agus ag Tiomóid - ní raibh aon “sea” agus “ní hea” ann siúd; ní raibh ann ach an “sea,”


Ní ag rialúchán ar bhur gcreideamh atáimid, mar tá sibh suite seasmhach sa chreideamh mar atá; ní hea, ach ag cabhrú libh chun bheith sonasach.


agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Tá scríofa agam faoi seo go hachomair cheana


Tabharfaidh Tichiceas, mo chara ionúin agus mo chúntóir dílis in obair an Tiarna, faisnéis iomlán daoibh fúmsa ionas go mbeidh a fhios agaibh conas táim agus conas atá ag éirí liom.


Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábha ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne;


Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaíse. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábha domsa sa Tiarna


Agus beidh lena chois an bráthair dílis ionúin, Onaesamas, fear de bhur mbuíon féin. Inseoidh siadsan daoibh a bhfuil ag titim amach anseo.


Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d'eaglais na dTeasalónach, i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost. Grásta chugaibh agus síocháin.


Pól agus Silveánas agus Tiomóid ag beannú d'eaglais na dTeasalónach i nDia ár nAthair agus sa Tiarna Íosa Críost.


Impím oraibh, a bhráithre, cur suas leis an bhfocal misnigh seo. Óir níl ann ach litir ghairid.


Dá bhrí sin cuirigí bhur n‑aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.


Gach duine agaibh, de réir mar a fuair sé tíolacadh ó Dhia, bainigí feidhm as ar mhaithe lena chéile mar a dhéanfadh maoir fhónta ar ilghrásta Dé.


Tá sé ar intinn agam, dá bhrí sin, a bheith ag cur na nithe seo de shíor i gcuimhne daoibh, cé go bhfuil sibh eolach orthu agus go bhfuil sibh daingnithe san fhírinne atá agaibh.


Thréig siad an bealach díreach agus chuaigh siad ar seachrán; lean siad bealach Bhalám ó Bhosor, a bhí ceanúil ar bhrabús an oilc;


Tá dea-theastas ar Dhéimitrias ag gach aon duine agus ag an bhfírinne féin. Tugaimidne teastas freisin air agus is feasach duit gur fíor ár dteastas.


A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus b'éigean dom scríobh chugaibh á impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí